Bhuaigh Bánór, comhlacht cúram craicinn Éireannach, gradam fiontraí

08/06/2026

Léirítear infheictheacht mhéadaitheach na Gaeilge i ngnólachtaí na hÉireann, mar Bánór, agus tá go leor cuideachtaí ag roghnú ainmneacha Gaeilge anois.

I gcásanna áirithe, áfach, mar Bánór is beag ceangal atá ag na gnólachtaí seo le pobail Ghaeilge ná leis an nGaeltacht.

D’fhógair BMW Éireann gurbh iad Bánór agus All Real Nutrition buaiteoirí a gcomórtais Fiontraí na Todhchaí.

Tugann na gradaim seo aitheantas do chuideachtaí Éireannacha atá ag teacht chun cinn as a nuálaíocht, a ndíograis don inbhuanaitheacht, agus a n-acmhainneacht fáis.

Sarah Walker, Fiontraíocht Éireann, Helen Westby, BMW, Nicola Lyons, Bánór, Niall Harty, AllRealNutrition agus Jennifer Rock
Sarah Walker, Fiontraíocht Éireann, Helen Westby, BMW, Nicola Lyons, Bánór, Niall Harty, AllRealNutrition agus Jennifer Rock

Bronnadh an Gradam Inbhuanaitheachta ar Bánór mar aitheantas ar a cur chuige freagrach i leith an chomhshaoil agus ar úsáid amhábhar nádúrtha.

Bhunaigh an feirmeoir Elaine Crosse agus an cógaiseoir Nicola Lyons an chuideachta, atá lonnaithe i gContae Thiobraid Árann. Táirgeann Bánór raon táirgí cúram craicinn bunaithe ar bhainne caorach agus ar úsc olla (lanailin).

Tagann na comhábhair seo ó chleachtais fheirmeoireachta áitiúla agus tá siad lárnach i gcur chuige na cuideachta.

Comhcheanglaíonn na bunaitheoirí taithí talmhaíochta le saineolas eolaíoch chun táirgí nádúrtha, éifeachtacha agus inbhuanaithe a fhorbairt.

Tá tionchar láidir ag tírdhreach na hÉireann agus ag saol na tuaithe ar íomhá an bhranda. Tá a féiniúlacht ceangailte le traidisiúin fheirmeoireachta, le foinsiú áitiúil agus leis an gcaidreamh idir an talamh agus an pobal

 Is cuid lárnach den íomhá phoiblí seo an bhéim ar oidhreacht agus ar áit.

Bhí Bánór i measc na gcríochdheireannach sa chomórtas céanna in 2025. Léiríonn a mbua in 2026 dul chun cinn suntasach sa fhorbairt atá déanta acu mar ghnó Éireannach atá ag fás.

In ainneoin a hainm, áfach, is beag nasc soiléir atá ag an gcuideachta leis an nGaeilge féin.

Níl sí lonnaithe i gceantar Gaeltachta agus is i mBéarla a dhéantar formhór a cuid gnó.

Cé go n-úsáidtear litriú Gaeilge agus an síneadh fada san ainm Bánór, ní léir go bhfuil ról lárnach ag an nGaeilge ina cuid oibríochtaí ná ina cuid cumarsáide laethúla.

Buaiteoirí Nicola Lyons, Bánór agus Niall Harty, All Real Nutrition sa phictiúr ag Comórtas Fiontraíochta BMW 2026
Buaiteoirí Nicola Lyons, Bánór agus Niall Harty, All Real Nutrition sa phictiúr ag Comórtas Fiontraíochta BMW 2026

Léiríonn sé seo patrún níos leithne i mbrandáil in Éirinn. Bainíonn go leor comhlachtaí úsáid as ainmneacha Gaeilge chun féiniúlacht, traidisiún agus barántúlacht a chur in iúl.

Is féidir leis an gcleachtas seo nasc láidir a chur in iúl leis an áit agus leis an gcultúr, fiú mura mbaintear úsáid fhorleathan as an nGaeilge i ndáiríre.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram