

Sa tsraith nua do TG4, rachaidh fear Rann na Feirste, Hugh Carr, craoltóir le 2FM agus comh-láithreoir an phodcraoladh rathúil Na Seanslaithe ar Raidió Rí-Rá, ar chamchuairt timpeall na tíre ina oibrí deonach ag na féilte pobail is spleodraí in Éirinn.

Tabharfaidh sé aghaidh ar fhéile dhifriúil gach seachtain chun léargas a thabhairt dúinn ar an mhórobair a bhíonn ar bun ar chúlstáitse le cois an chraic ar fad.

Sna seachtaine amach romhainn beidh sé ag Mela i mBéal Feirste, Cruinniú na mBád i gCinn Mhara, Féile na Laoch i gCúil Aodha, Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, Dorn san Aer i nGaoth Dobhair agus Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste.
Buailfidh Hugh ar a shlí le daoine ríshuimiúla, díograiseacha, cruthaitheacha ó cheann ceann na tíre, chomh maith le leithéidí Kneecap, Stephen Rea, Liam Ó Maonlaí, Grooveline, Huartan, Bláthnaid Ní Chofaigh agus Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly.

Tabharfaidh sé léargas dúinn ar chuid de na himeachtaí is spraíúla sa tír trína chuid súile féin agus é ag aimsiú Chroí na Féile. Léirithe ag Strident Films le maoiniú ó TG4 agus ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.
Clár 1: Mela, Béal Feirste
Clár 2: Cruinniú na mBád, Cinn Mhara
Clár 3: Féile na Laoch, Cúil Aodha
Clár 4: Féile Ealaíon na Gaillimhe
Clár 5: Dorn san Aer, Gaoth Dobhair
Clár 6: Oireachtas na Samhna, Béal Feirste
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.