Iron Inis Meáin: Spreagann Sonia O’Sullivan glúin nua do na Cluichí Oilimpeacha

Bhailigh laochra lúthchleasaíochta le haghaidh dúshlán dian, Iron ​​Inis Meáin, chun cabhrú leis an Ghaeilge a chur chun cinn.

Rinneadh ionradh ar Inis Meáin le déanaí. Tháinig breis is 500 duine ann ar bháid agus ar eitleáin.

Ach ionradh cineálta cairdiúil a bhí ann, 500 reathaí ó cheann ceann na hÉireann agus i gcéin le páirt a ghlacadh i mórócáid lúthchleasaíochta na bliana, rás Iron Inis Meáin. 

Ruairí De Blácam, Cniotáil Inis Meáin, na hurraithe, agus an chéad duais sa rás 12k á bronnadh ar Sean Doyle. Sa phictiúr chomh maith tá Sonia O'Sullivan agus Rob Heffernan
Ruairí De Blácam, Cniotáil Inis Meáin, na hurraithe, agus an chéad duais sa rás 12k á bronnadh ar Sean Doyle. Sa phictiúr chomh maith tá Sonia O’Sullivan agus Rob Heffernan

Cúrsaí 12k, 10k nó 5k timpeall an oileáin Árann a bhí mar rogha ag na cuairteoirí, an chuid is mó acu á dhéanamh don cúigíú, séú uair agus iad i ngrá le timpeallacht shainiúil cloiche, bóithríní agus tránna álainn na seoide seo san Atlantach. 

Ar fud an chúrsa bhí boird uisce agus muintir an oileáin mar mhaoirseoirí ag tabhairt buidéal agus gártha misnigh i nGaeilge do na rannpháirtithe.  

Meallta chuig an oileán agus Iron Inis Meáin chomh maith bhí móruaisle an spóirt.

Sonia O’Sullivan agus Rob Heffernan, mar aon le reathaithe de gach aois ag tús rás Iron Inis Meáin
Sonia O’Sullivan agus Rob Heffernan, mar aon le reathaithe de gach aois ag tús rás Iron Inis Meáin

Bhí an laoch Oilimpeach Sonia O’Sullivan páirteach; agus Rob Heffernan, an siúlóir Oilimpeach agus iar-churaí chraobh an domhain. 

Bhí fáilte speisialta roimh Sonia mar ba í a sheol an chéad rás i 2004.

Ní raibh Rob Heffernan ar Inis Meáin ná ar oileáin Árainn riamh go dtí le déanaí, a dúirt sé leis na sluaite i Halla Naomh Eoin roimh thús an rása.

‘Ní raibh eolas ar bith agam faoi na hoileáin seo,’ a dúirt sé. 

‘Ach tar éis mo chéad rás anseo chuaigh an ócáid ar fad i gcion orm lena áilleacht agus cairdeas mhuintir na háite. Déanaim sáriarracht gach bliain anois a bheith páirteach libh.’

B’fhéidir i ngan fhios do go leor ach is ar son na Gaeilge atá siad ag rith.

Screenshot 2026 05 12 131846
Marie Murphy

Eagraíodh an chéad Iron Inis Meáin chun an scoil áitiúil Coláiste Naoimh Eoin a mhaoiniú.

Ar nós scéal go leor, bhí líon na mac léinn ag titim. Ach cuireadh tús le scéim chun mic léinn a mhealladh chuig an oileán agus a gcuid staidéir Ardteistiméireachta a dhéanamh ann.

Anois tá scoláirí ó Chorcaigh, Maigh Eo, Cill Chainnigh agus Baile Átha Cliath ag freastal ann. Agus an scéim seo neartaithe go leor le maoiniú a thagann ón rás Iron Inis Meáin.

Screenshot 2026 05 12 131919
Oileánaí agus iar-Uachtarán an Oireachtais, Máirín Mhéiní Uí Chonghaile ag cur fáilte chroíúil roimh na reathaithe

Bean bródúil as an ngaisce sin is ea príomhoide an choláiste, Mairéad Ní Fhátharta.

Tá sí buíoch chomh maith as na hurraithe Cniotáil Inis Meáin agus Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin.

‘Bhí Iron Inis Meáin ar fheabhas na bliana seo. Táim an bhuíoch as na daoine a tháinig anseo. Déantar cairde nua gach bliain agus cuirimidne, pobal an oileáín, mórfháilte rompu.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram