Ollmhargaí: Seiceálacha gadaíochta anois mar tá mairteoil chomh daor

13/05/2026

Mar gheall ar phraghsanna feola atá ag ardú go mór, tá ollmhargaí ag cur bearta slándála breise le pacáistí bia ar a seilfeanna anois, d’fhonn srian a chur le gadaíocht siopaí

Bhí greamáin le feiceáil i mbrainsí d’ollmhargaí cosúil le hAldi agus SuperValu i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus tugann siad rabhadh do shiopadóirí go bhfuil na pacáistí feola ‘Cosanta Slándála’.

Greamán a chonacthas i ollmhargaí
Greamán a chonacthas i ollmhargaí

Cuireadh teagmháil le hAldi le haghaidh tráchta agus fiafraíodh dá urlabhraí freisin an raibh feistí slándála ceangailte leis na táirgí feola a raibh na greamáin á dtaispeáint acu.

Fiafraíodh den slabhra ollmhargaí cathain a thug siad an polasaí isteach agus cén fáth, agus cé mhéad brainse de chuid Aldi ar fud na tíre a raibh na greamáin seo á dtaispeáint acu.

Dhiúltaigh a n-urlabhraí trácht a dhéanamh, áfach.

In aice leis an Aldi i dTír an Iúir (Terenure) tá SuperValu i Ráth Garbh (Rathgar) a bhfuil greamáin ar chuid dá tháirgí feola leis an bhfoclaíocht chéanna.

Cuireadh teagmháil leis an gcuideachta ollmhargaí freisin le haghaidh tráchta ach níor fhreagair sí.

Mar sin féin, dúirt foinse slándála faoi na bearta: ‘Mar gheall ar chíosanna arda agus praghsanna ag ardú, agus costais bhreosla ag ardú, tá méadú dosheachanta ar ghoid ó shiopaí, fiú i gceantair shaibhre i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.’

Rinneadh seiceáil ar bhrainsí Dunnes Stores i Ráth Maonais agus ar Ionad Siopadóireachta Faiche Stiabhna (St Stephen’s Green) féachaint an raibh greamáin chomhchosúla ar tháirgí feola, ach ní raibh, agus ní raibh ach an oiread ar shiopaí Lidl in aice láimhe.

Rinneadh seiceáil ar dhá Tesco i lár Bhaile Átha Cliath freisin agus ní raibh na greamáin ar taispeáint ag ceachtar acu.

Cuireadh fios ar an dá chuideachta le fiafraí díobh an raibh sé beartaithe acu na bearta a thabhairt isteach maidir le táirgí feola, ach níor fhreagair ceachtar acu.

Tá praghsanna feola tar éis ardú go mór le bliain anuas.

Tá stéig chaoldroma tar éis ardú ó mheán €18.63 an cileagram bliain ó shin go €22.10 anois, ardú beagnach €3.47, nó gar do 19%.

Tá alt mairteola ar an taobh uachtarach tar éis ardú ó €13.19/kg go €16.33/kg – suas €3.14 an cileagram nó beagnach 24%.

image 1

Tá mairteoil díslithe suas ó €11.39/kg bliain ó shin go €13.90 anois, méadú €2.51 nó 22%. Tá praghas na coise uain suas ó €15.88/kg bliain ó shin go €18.50/kg anois, méadú 16.5% nó €2.62.

Dúirt cathaoirleach Comhlachas Tomhaltóirí na hÉireann, Michael Kilcoyle: ‘Ag brath ar na himthosca, ba chóir déileáil go báúil le daoine atá sa chás sin.

‘Chuala mé faoi dhaoine a raibh orthu builín aráin a ghoid chun a bpáistí ocracha a bheathú sa bhaile. Is comhartha den aimsir é, nach ea?’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram