

Is scríbhneoir agus file í Lorraine Ní Chathasaigh ar as Lios Ardachaidh, idir Cheann an Mhaí agus Cill Mhuire, Contae Chorcaí di.
Tá a cuid filíochta agus aistí foilsithe in irisí éagsúla, ina measc Breac, Polity agus Motley. Is an fhílíocht agus a contae dúchais a thug í féin agus file eile Seán Óg Ó Duinnín go Gaillimh ar son Dinnsheanchas.
Is togra é seo, Dinnsheanchas, a dhéanann nascadh idir an litríocht nua-aimseartha agus an dinnseanchas sa litríocht.
‘Tá an-suim agam san fhilíocht ó aois óg,’ arsa Lorraine agus í ina suí amuigh faoin ngrian ar leic dhoras na Taibhdheirce.

‘Nuair a bhíos níos óige, bhíodh ranganna aithriseoireachta á dhéanamh agam le bean áitiúil anseo i gCeann an Mhaí, Martina Ring.
‘Bíodh scrúduithe á dhéanamh agam ina raibh dánta á rá agam agus is dócha b’in an chéad rud a spreag i dtreo na filíochta mé,’ arsa Lorraine.
‘Thosnaigh féin ag scríobh nuair a bhíos timpeall 11 nó 12, i mBéarla ag an am san ach anois bíonn formhór de mo chuid scríbhneoireachta as Gaelainn.’
Léigh Lorraine cheithre dhán go binn, ina measc ‘Carraig a’ Phúca’ agus ‘Grugán’ ina raibh eachtraí staire is dinnseannchais sa gcúlra acu araon.

Bíonn an-thionchar ag an stair agus cúrsaí polaitíochta i bhfilíocht Lorraine.
‘Táimse thar a bheith paiseanta fén nGaelainn agus cur chun cinn na teanga. Bhunaíos Anam (@anam.filiocht ar Instagram), iris filíochta ar líne le grúpa cairde liom anuraidh agus tá trí chnuasach filíochta foilsithe againn ó shin,’ a dúirt sí.
Seán Óg Ó Duinnín ba ea an Corcaíoch eile. Tá ceoldrámaí agus filíocht scríofa aige. Bhí an scéal a léigh sé, ‘Lios an Chraosaigh’ ag Dinnsheanchas láidir, scáfar agus fileata is nasctha sa mbéaloideas agus sa dinnseanchas araon.
Bhí filí eile scaipthe ar fud chathair na Gaillimhe. Sa siopa leabhar Charlie Byrnes san eagrán dátheangach ‘Sheisiúin Fhilíochta Cúirt’ bhí beirt fhaighteoir na Sparánachtaí Síolta Taibhsín, Ola Majekodunmi agus Amano De Londra Miura.

Is amhránaí, file agus scríbhneoir amhrán í Amano. Is scríbhneoir, craoltóir agus léiritheoir cruthaitheach í Ola.
Tharraing Amano aird ar dúchas na Seaipáine agus Chiarraí aici agus dúirt agus chan sí a saothar. Thug sí ómós chomh maith d’fhile eile nach maireann, Gabriel Rosenstock, nach beag é a mheas ar chultúr na Seapáine é féin ina chuid foilseachán.
Is Dub go smior í Ola Majekodunmi a d’inis faoi fhéiniúlacht ina dánta. D’admhaigh gur fhág na heachtraí agus an dearcadh ag roinnt ar chás na n-imirceach ina cathair féin smál beag ar an mbród sin.

An próiseas ó thaobh dráma a chur ón leathanach chuig an stáitse a bhí á phlé ag an bhfile agus drámadóir Celia de Fréine sa Taibhdhearc.
Tá dráma ‘Cóirín na dTonn’ an scríbhneora mór le rá seo molta ar shiollabas na hArdteistiméireachta faoi láthair.
Suite in iarthar na hÉireann ag deireadh an fichiú céad, insíonn sé scéal Chóirín agus í ag iarraidh saol úr a chruthú di féin tar éis bhás a máthar.
Thaitnigh a thaithí pinn léirithe ag Celia go mór lena lucht éisteachta sa foyer agus file eile atá ar an siollabas, Áine Ní Ghlinn ag cur ceisteanna uirthi.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.