Cuma iontach ar Erin McClean ag ócáid ​​speisialta

Oíche saoire a bhí ann do mham agus daid, Erin agus James McClean, agus iad ag dul chuig gala comóradh 25 bliain riachtanais speisialta Errigal Truagh.

Bhí cúpla mí ghnóthach ag an lánúin McClean, agus James ag bogadh ó Wrexham FC go Derry City FC.

Phacáil an teaghlach a málaí agus a gcuid earraí agus bhog siad ar ais abhaile go Doire lena gceathrar clainne.

Pictiúr Erin McCleanInstagram
Pictiúr: Erin McClean/Instagram

Déanann an bailiúchán airgid bhliantúil ceiliúradh ar na daoine a oibríonn chun seirbhísí lae ríthábhachtacha, atá dírithe ar an duine, a sholáthar do dhaoine fásta, chomh maith le cistí atá géarghá leo a bhailiú chun an tseirbhís seo a choinneáil ag dul ar aghaidh ar feadh na bliana.

Seirbhís a bheadh ​​gar do chroí an lánúin.

Agus an bheirt gléasta chun imprisean a dhéanamh, bhí cuma iontach ar Erin.

Is ó Club L atá an gúna maxi Dalisse Nude Sequin Bandeau Corset agus is dearadh álainn agus uathúil é.

Guna Erin McClean
Gúna Erin McClean

Tá an cabhail (bodice) gan strapaí le ‘flare’ stíl peaplam (peplum) ag an choim.

Tá an gúna, atá fós i stoc ar shuíomh gréasáin ClubL, ar fáil i méideanna a hocht go 14.

Ar phraghas €350, b’fhéidir go bhfuil sé beagáinín ard i gcomhair gúna, ach is rud é seo a d’fhéadfaí a chaitheamh ar roinnt ócáidí i rith na bliana, toisc go bhféadfadh sé a bheith oiriúnach do mhíonna an tsamhraidh agus an gheimhridh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram