

Má bhíonn tú ag féachaint ar TG4 go minic, táim cinnte go bhfuil Laura Ní hAoidhne, feicthe agat. Ní hamháin go mbíonn sí le feiscint mar Penny i Ros na Rún, ach tá go leor oibre déanta aici le Molscéal, mar iriseoir leis an Irish News, agus mar chuiditheoir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Ach, tá sreang eile ar a bogha aici nach bhfuil feicthe againn ar an teilifís… go dtí anois. Tháinig Téacs Taistil, sraith móréilimh le Louise Cantillion, Proinias Ó Coinn, agus Seaghán Ó Suilleabháin, thar n-ais ar TG4 le heipeasóid iontach spleodrach faoi Toronto.
Cé nach raibh Louise ar fáil le gach eipeasóid a scannánú, bhí gliondar ar Laura, gníomhaí ar son cearta na mban, an clár a chur i láthair.
Labhraíomar faoina chuid oibre mar aisteoir, gníomhaí… agus anois mar láithreoir TG4.

Dúirt sí: ‘Bhuel, thosaigh mé leis na meáin i 2024. Bhí mé ag obair sa Phortaingéil ag an am, agus chuir mé isteach ar an intéirneacht le TG4. Ní raibh mé ag déanamh aon rud sna meáin roimhe sin. Chuir mé suim sna meáin nuair a thosaigh mé ag obair le TG4.
‘Bhí mé i mo “fan” mór. Bhí mé ag amharc ar an neart a bhí acu agus “fan” mór a bhí ionam. Mar sin, bhí mé ar bís le páirt a fháil mar chuid de. Táimid ag ceiliúradh 30 bliain anois an bhliain seo. Is deis den chéad scoth atá ann.
‘Sílim go bhfuil mé féin agus Penny iontach oiriúnach dá chéile. Tá mé in ann an paisean sin atá agam don aisteoireacht a bhaint amach trí Phenney agus is pribhléid é a bheith timpeall ar na daoine atá bainteach leis na haisteoirí eile agus tá mé iontach mór leo sa fíorshaol.’
Tá Penny i mbun ‘murder mystery’ faoi láthair. Tá DNA aimsithe ar Risteárd bocht atá marbh. Tá sé faoi an-chuid brú anois. Tá sí féin agus Natasha ag smaointiú cé leis an DNA. Tá imní an domhain ar Phenney. Níl a fhios aici cad atá os a comhair.
‘Tá cuma ar an scéal go bhfuil sí i dtrioblóid le Tadhg. Tá sí ag déanamh achan rud anois chun an trioblóid sin a sheachaint. Tá sí ag cur isteach go mór mór ar Thadhg faoi láthair,’ a dúirt Laura.
Is cinnte nach raibh Laura in ann aon ‘spoilers’ a roinnt liom. Ach, tá teoiric fhíorshuimiúil aici. Creideann sí go bhfuil Penny agus Tadhg ag obair lena chéile.
‘B’fhéidir nach bhfuil a fhios ag an bheirt acu go bhfuil siad ag obair le chéile agus go bhfuil siad ag glacadh buntáiste den suíomh ina bhfuil siad faoi láthair le Tadhg.’
Agus Ros na Rún ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód, bhíos iontach fiosrach le fáil amach cad í an t-eipeasóid is ansa le Laura.
Roghnaigh sí an t-eipeasóid leis ‘an chéad phóg aerach ar theilifís na hÉireann, eipeasóid cheannródaíoch a bhí ann’.
‘Clúdaíonn Ros na Rún topaicí fíor tábhachtacha agus tugann siad ardán dá topaicí tábhachtacha mar sin, agus osclaítear an chomhairle faoi na topaicí sin. Sílim go bhfuil sé sin fíor tábhachtach nuair atá an t-aire sin ann,’ arsa Laura.

Tá Laura í féin an-phaiseanta faoi aird a tharraingt ar thopaicí leitheadach sa lá atá inniubh ann. Bíonn sí ag obair go dian ar son Women’s Aid.
D’fhreastalaíos féin ar phreab Ghaeltacht a d’eagraigh sí in Áras na nGael, Cathair na Gaillimhe, le déanaí. Labhair sí liom faoin tionchar atá ag fuath ban (misogyny) orainn go léir.
‘Oíche ar dóigh againn an oíche – an phreab Gaeltacht a bhí ar siúl againn ar son Women’s Aid. Bhailigh muid €500. Bhí sé thar cionn. Bhí ceoltóirí agus an oiread sin ann. Bhí slua mór ann chun tacú le Women’s Aid, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar lá idirnáisiúnta na mban agus Seachtain na Gaeilge fosta. Is rudaí mar sin a chuidíonn le Women’s Aid an obair s’acu a dhéanamh,’ a dúirt Laura.
‘Bhí suim agam i gcónaí i gcúrsaí na mban. Tá sé go mór mar ábhar cainte fosta i measc mé féin agus mo chaired.
‘Is íospartaigh í bean in achan triúr do dhrochíde bhaile. Níl aon dóigh gur obair ríthábhachtach atá ann agus is fíricí mar sin a spreag mé chun iarracht a dhéanamh tacaíocht a thabhairt.
‘Tá mé ag iarraidh solas a chur ar cé chomh práinneach is atá an fhadhb fuath ban. Tá athrú cultúrtha de dhíth go mór. Ní féidir linn a dhéanamh ach aird a tharraingt air agus a bheith glórmhar faoi. Tuigim fosta go bhfuil daoine ann agus níl siad ag iarraidh a bheith glórmhar.
‘Tuigim sin go hiomlán. Ach, nuair atá mé ag caint faoin fhadhb seo, tagann sé chun solais go bhfuil rudaí ann nach bhfuil daoine ar an eolas faoi. Tá na staitisticí atá amuigh ansin dochreidte, uafásach. Tá an t-ardán sin agam, agus tá mé ag iarraidh é a úsáid ar son cúise maith.’
Luaigh sí na mná ina saol pearsanta atá fíorthábhachtach di. Dhírigh sí ar an mbean is tábhachtaí.
‘Caithfidh mé mo Mhamaí a rá cinnte. Ní bhíonn aon lá ann nach bhfuil mé buíoch di.’
Agus í ag caint faoin gclár Téacs Taistil dúirt Laura: ‘Chuaigh mé féin, Proinsias agus Shane ag taisteal timpeall an domhain agus ag blaiseadh áiteanna difriúla achan seachtain.
‘Bhí fear ar bhaill den phobal Romach é. Mhúin sé dom ceird s’aige. Léirigh sé an paisean a bhí aige dá cheird agus dá chultúr agus traidisiún saibhir ag baint leis an gcultúr.

‘Thaispeáin sé dúinn slí bheatha difriúil. Bhí sé fíor speisialta an léargas sin a fháil agus a chloisteáil faoi na rudaí is tábhachtaí ina shaol ar nós oidhreacht an pobal Romach.’
Agus sin ag cur críoch leis an agallamh, d’iarr mé ar Laura machnamh a dhéanamh ar cad atá sí ag iarraidh baint amach sa todhchaí
‘Cibé todhchaí atá os mo chomhair feicim an Irish News ann, feicim Ros na Rún ann, feicim láithreoireacht, agus Women’s Aid ar ndóigh. Tá briseadh scannánaíocht againn i lár an tsamhraidh ar feadh cúpla mí, so is deis iontach é sin a úsáid chun rudaí eile a dhéanamh ar nós an léitheoireacht, ar nós na haisteoireachta. Ach ba bhreá liom níos mó iriseoireacht a dhéanamh fosta.
‘Mé féin agus Penny, foireann na brionglóidí atá ionann. Níor mhaith liom riamh todhchaí a fheiceáil gan í’.
Bíonn Ros na Rún ar siúl gach Máirt agus Déardaoin ag 8.30pm ar TG4 agus Seinnteoir TG4. Beidh Téacs Taistil ar siúl gach Máirt ag 9.30pm ar TG4.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.