Raidió na Réaltaí! Ainmníodh stáisiún móréilimh i mBaile Átha Cliath do phríomhghradam idirnáisiúnta

Ainmníodh stáisiún Gaeilge na cathrach, Raidió na Life 106.4FM, arís don phríomhghradam raidió Ceilteach idirnáisiúnta, gradam atá buaite aige faoi dhó le ceithre bliana anuas.

Tá an stáisiún poiblí is mó le rá i nGaeilge i mBaile Átha Cliath ainmnithe arís do phríomhdhuais sa chraoltóireacht idirnáisiúnta.

Is é RnaL 106.4FM (www.raidionalife.ie) an stáisiún inar thosaigh réaltaí ar nós Sharon Ní Bheoláin agus Sinéad Nic Crowley a ngairmeacha beatha, in éineacht le Cormac Ó hEadhra, Aedín Gormley, Colm Ó Mongáin, Fachtna Ó Drisceoil agus Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin.

Screenshot 2026 03 11 174449

Agus tá sé tar éis ainmniúcháin a fháil do ghradam idirnáisiúnta Stáisiún Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach 2026, a bheidh ar siúl i mBéal Feirste idir an 2 agus 4 Meitheamh i mbliana.

Tá cáil ar RnaL stáisiún a chuireann rogha eile ar fáil don éisteoir atá ar thóir ábhar trí Ghaeilge; stáisiún a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge, go háirithe lucht éisteachta níos óige, agus aithnítear é freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil.

Tá RnaL ag soláthar seirbhís raidió lán-Ghaeilge do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail le tríocha bliain anuas agus ag cur an dara rogha de sheirbhís raidió Ghaeilge, le béim ar leith ar lucht éisteachta níos óige, ar fáil do phobal na Gaeilge trí chéile ar www.raidionalife.ie.

Tá foireann bheag, dhíograiseach fostaithe ag an stáisiún agus is ar bhonn deonach a oibríonn na craoltóirí, le breis agus 100 craoltóir deonach ag glacadh páirte i gcláir an stáisiúin gach seachtain.

Bhuaigh Raidio na Life 106.4FM an gradam in 2022 agus 2024.
Bhuaigh Raidio na Life 106.4FM an gradam in 2022 agus 2024. CLIC AR AN PICTIÚR CHUN ÉISTEACH LEIS.

Le chéile, léiríonn siad cláir bheoga, faisnéiseacha agus spéisiúla ina bhfuil ceol ó gach cearn den domhan, agallaimh, comhráite, nuacht, anailís agus spórt.

Is é an stáisiún foirfe é chun scíth a ligean leis, is cuma cé chomh líofa is atá do chuid Gaeilge. 

Tar éis dó ainmniúcháin a fháil do ghradam idirnáisiúnta Stáisiún Raidió na Bliana, tá RnaL in ardchomhluadar arís sa rannóg seo i mbliana.

Le deich n-ainmniúchán sa rannóg, is stáisiúin de chuid an BBC iad sé cinn acu agus RTÉ Raidió na Gaeltachta ceann eile acu.

Is iad RnaL agus Raidió Fáilte an t-aon dá stáisiún pobail atá ainmnithe i mbliana, ag léiriú ardchaighdeán an dá stáisiún pobail Gaeilge. 

Bronntar Gradaim na Meán Ceilteach mar chuid d’fhéile bhliantúil Féile na Meán Ceilteach, an fhéile is tábhachtaí i bhféilire na meán cumarsáide Ceilteach.

Sharon Ní Bheoláin
Sharon Ní Bheoláin

Reáchtáiltear an fhéile i dtír éagsúil sna tíortha Ceilteacha gach bliain. Bronnadh an gradam ar RnaL  do Stáisiún Raidió na Bliana faoi dhó le blianta beaga anuas; ag an bhféile i gCaerdydd (Cardiff) na Breataine Bige i 2024 agus in Quimper i mBriotáin na Fraince i 2022.  

Beidh foireann RnaL ag súil anois go dtabharfaidh siad an duais mhór leo i mí an Mheithimh i mBéal Feirste!  

Bain triail as ar: 106.4FM nó ANSEO


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram