

Deirtear go bhfuil fadhb mhór leis an Ghaeilge. Níl sé sin fíor. Bhí fadhb leis an chaoi a raibh sé ‘bet into ye’ agus bhí fadhb faoin meon ardnósach a bhí ag daoine áirithe leis ár dteanga dhúchais.
Ach tá an t-am sin thart. Is í an fhadhb is mó atá romhainn anois ná go bhfuil bealach i bhfad níos fearr ann chun í a mhúineadh agus í a chur chun cinn. Ach tá na hathruithe atá á ndéanamh, á ndéanamh rómhall.

FTCE (CFER) a thugtar ar an mbealach sin agus is é an chóras a bhfuil meas idirnáisiúnta air chun an teanga a mhúineadh i ngach áit agus ag gach leibhéal – i mbunscoileanna, in ollscoileanna, in ionaid oibre agus ar fud sheirbhísí Stáit.
De réir an taighde is déanaí, atá foilsithe an mhí seo ag Amárach Research i gcomhar le Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta, tá 61% de mhuintir na hÉireann ar fad agus 73% de dhaoine atá níos óige ná 35 bliain d’aois ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt.
De réir na bhfigiúirí daonáirimh is déanaí, ó 2022, ní labhraíonn ach 71,968 duine as na 1,873,997 duine a bhfuil Gaeilge acu í gach lá. Is ionann sin agus 3.8% de na daoine a bhfuil Gaeilge acu agus 1.4% den daonra.
Mar sin, tá a fhios againn go bhfuil formhór na ndaoine ag iarraidh Gaeilge a labhairt ach nach bhfuil siad in ann í a labhairt nó nach féidir leo.
Tá athruithe ollmhóra ag tarlú sna meáin, i measc pobal agus clubanna agus grúpaí feachtasaíochta atá ag cabhrú leis sin a athrú.
Ach ní mór do na húdaráis níos mó a dhéanamh.

Ar feadh tamaill fhada anois, tá Conradh na Gaeilge ag cur argóint shoiléir agus gonta chun cinn ar son an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE). Sé sin ‘Common European Framework of Reference’ (CFER) i mBéarla.
Agus anois tá seimineár eagraithe acu a scrúdóidh an chaoi gur féidir oibriú i dtreo eispéiris shásúil foghlama Gaeilge do chách.
Cé go bhfuil cur chuige níos nua-aimseartha i leith an oideachais inár scoileanna agus inár gcoláistí, tá dúshláin nua ann don teanga.
Ina measc siúd:
Beidh sé mar aidhm ag an seimineár seo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus, níos tábhachtaí fós, réiteach na faidhbe a chur os ár gcomhair.
Is é an fáth go bhfuil an FTCE chomh tábhachtach ná gurb é an réiteach foirfe é ar na fadhbanna a bhaineann le múineadh na Gaeilge. Trí úsáid a bhaint as, ní bheadh aon ghá le díolúintí, ach chomhlíonfaí na caighdeáin oideachais is airde freisin.

Mar sin, cad é an FTCE?

Níl aon amhras ach gurb é seo an córas foirfe dúinn, agus tá ár Rialtas, a gcomhairleoirí agus státseirbhísigh shinsearacha an-tógtha leis. Tá a fhios againn é seo mar dúirt siad linn gurb amhlaidh atá:
• Bhí gealltanas sa Chlár Rialtais le hoibriú i dtreo na gcuraclam Gaeilge a ailíniú leis an FTCE;
• Tá sé sa Phlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna MeánBhéarla;
• Tá moladh tugtha faoi i dTuarascáil Chigireachta na Roinne Oideachais agus Óige (2024) ar Churaclam Teanga na Bunscoile;
• Tá sé sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028;
• Tá an sprioc earcaíochta in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 [leasú] le 20% de na daoine a earcófar ó dheireadh 2030 ar aghaidh a bheith inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus an inniúlacht sin bunaithe ar an FTCE.
Tá FTCE á úsáid ag an Stát i roinnt cúrsaí oideachais do dhaoine fásta ach ní cuid dhílis dár gcóras oideachais é.
Tá na gealltanais againn ach cá bhfuil na gníomhartha.

Ba mhaith le 61% de mhuintir na hÉireann an Ghaeilge a labhairt mar chuid dá saol laethúil, níl ach 1.4% a labhraíonn í gach lá. Tá sé in am an bhearna a dhúnadh.
Cathain agus cá bhfuil an seimineár Réiteach?
Dáta: Déardaoin, 12 Márta 2026.
Ionad: Halla Chill Mhantáin 2a, An tIonad Comhdhála Bhaile Átha Cliath.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.