Tá tír na n-óg ag teacht chun cinn; agus Áine Ní Ghlinn mar uachtarán an Oireachtais

Táthar ag súil go gcuirfidh uachtarán nua an Oireachtais, Áine Ní Ghlinn, feabhas ar cháilíocht liteartha an Oireachtais go háirithe i measc na nÓg.

Tá sceitimíní móra i measc bhaill an Oireachtais faoi uachtarán nua na heagraíochta, Áine Ní Ghlinn. Chaith sí a saol i saol na scríbhneoireachta, mar mhúinteoir, iriseoir agus scríbhneoir, go háirithe do dhaoine óga.

Agus tá níos mó gradam liteartha buaite aici ná mar atá ag imreoirí peile Chiarraí i gCraobh na hÉireann.

Slabhra na hoifige á chur ar Áine Ní Ghlinn ag Stiofán Ó Móráin, Cathaoirleach an Oireachtais
Slabhra na hoifige á chur ar Áine Ní Ghlinn ag Stiofán Ó Móráin, Cathaoirleach an Oireachtais

Insealbhaíodh Áine mar uachtarán ag searmanas speisialta in Óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2, Dé Máirt. Chuir an tUachtarán nua-thofa tús lena téarma oifige nuair a bronnadh Slabhra an Uachtaráin uirthi ag ócáid ag ar bhailigh na sluaite.

De bhunadh Thiobraid Árann í Áine Ní Ghlinn ach tá sí ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath leis na blianta, áit a bhfuil sí ag gníomhú i gcónaí i saol na litríochta don léitheoir óg ach go háirithe.

Tá an iliomad saothar tagtha óna peann agus aithníodh an tionchar atá aici ar litríocht do dhaoine óga nuair a ceapadh ina Laureate na nÓg í don tréimhse 2020 – 2023, an chéad uair a ceapadh údar Gaeilge sa ról sin.

Uachtarán 2025 Éamoin Ó Cuív le Áine Ní Ghlinn
Uachtarán 2025 Éamoin Ó Cuív le Áine Ní Ghlinn

“Guím gach rath agus sonas ar Áine ina bliain uachtaránachta ar an Oireachtas do 2026,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.

“Is mór an tairbhe atá á dhéanamh ag Áine Ní Ghlinn do litríocht na Gaeilge idir fhilíocht, fhicsean, neamhfhicsean agus dráma. Ar a bharr seo, tá seirbhís dhílis, dhíograiseach tugtha aici don Oireachtas thar na blianta agus is deacair luach a chur ar an tionchar atá ag Áine ar léitheoirí agus ar scríbhneoirí óga.

‘Is onóir dúinn í a bheith ag dul i mbun oifige anois ina hUachtarán ar an Oireachtas i mbliana agus is cinnte go mbeidh sí ina hambasadóir den scoth ar son an Oireachtais i gcaitheamh na bliana amach romhainn.”

Bhain Áine céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla amach ó Choláiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath. Chaith sí seal mar mhúinteoir meánscoile sular thug sí faoi dioplóma iriseoireachta sa scoil iriseoireachta i Londain.

An tUachtarán nua Áine Ní Ghlinn lena clann Conall, Niall agus Seán Mac Dhonnagáin
An tUachtarán nua Áine Ní Ghlinn lena clann Conall, Niall agus Seán Mac Dhonnagáin

Is ag Ollscoil Lancaster a bhain Áine a máistreacht amach sa scríbhneoireacht chruthaitheach.

D’éirigh Áine Ní Ghlinn as an mhúinteoireacht le bheith ina hiriseoir ar an gclár Cúrsaí le RTÉ. Ina dhiaidh sin, chaith sí seal ag plé le saoririseoireacht i Londain agus in Éirinn agus chaith sí roinnt blianta le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag obair ar chláir chúrsaí reatha, irischláir agus ar chláir ealaíona.

D’fhág sí RTÉ Raidió na Gaeltachta le tabhairt faoin léachtóireacht i bhFiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Theastaigh uaithi níos mó ama a chaitheamh ag scríobh, áfach, agus thosaigh sí ag obair go lánaimseartha ar leabhair do pháistí, ar scripteanna ócáideacha do Ros na Rún, TG4 agus ar cheardlanna scríbhneoireachta le daoine óga.

Chaith sí roinnt blianta freisin ag léachtóireacht ar bhonn páirtaimseartha i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann (Church of Ireland College of Education) agus faoi láthair déanann sí modúl scríbhneoireachta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Tá breis agus 40 leabhar foilsithe ag Áine Ní Ghlinn, idir: pictiúrleabhair, drámaí do pháistí, scéalta & úrscéalta do léitheoirí óga agus do dhéagóirí, cnuasaigh fhilíochta do pháistí agus do dhaoine fásta.

 Ó chlé chun tosaigh: Gráinne Uí Ghloinn, Micheál Mac Ghloinn, Aoife Ní Ghloinn, Gráinne Uí Ghloinn agus Córa Ní Ghloinn. Ar chúl tá Conall, Niall agus Seán Mac Dhonnagáin
 Ó chlé chun tosaigh: Gráinne Uí Ghloinn, Micheál Mac Ghloinn, Aoife Ní Ghloinn, Gráinne Uí Ghloinn agus Córa Ní Ghloinn. Ar chúl tá Conall, Niall agus Seán Mac Dhonnagáin

Tá duaiseanna i gComórtais Liteartha an Oireachtais buaite ag Áine go minic thar na blianta i gcatagóir éagsúla dá cuid scríbhneoireacht do léitheoirí óga, dá drámaí agus dá cuid filíochta.

Sa bhliain seo caite, bhain Áine duais amach i ngach catagóir do scríbhneoireacht do dhaoine óga ag áireamh an chéad duais do Chomórtas Ficsean do Dhaoine Óga 13-15 dá saothar Scéal Thairis a scríobh sí lena mac Seán Mac Dhonnagáin. 

Lelia Ní Chinnéide, Mairéad Uí Dhomhnaill, Áine Ní Ghlinn, Celia de Fréine, Laoighseach Ní Choistealbha agus Anna Heusaff
Lelia Ní Chinnéide, Mairéad Uí Dhomhnaill, Áine Ní Ghlinn, Celia de Fréine, Laoighseach Ní Choistealbha agus Anna Heusaff

Bíonn leabhar de chuid Áine le feiceáil ar ghearrliosta na nGradam Foilsitheoireachta go mion minic. Ainmníodh ar ghearrliosta Réics Carló í faoi sé agus bronnadh an gradam sin ar cheithre leabhar dá cuid: Daideo; Hata Zú Mhamó; Boscadán; agus Na Trí Mhuicín.

Ainmníodh an cnuasach filíochta Rúin Oscailte ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin sa bhliain 2021. 

I measc na nduaiseanna eile atá bainte ag Áine tá: Gradam Fhoras na Gaeilge ag Seachtain na Scríbhneoirí Lios Tuathail 2002, 2019 & 2020; Gradam Chlann Lir 2003; Duais na Gaeilge ag Comórtas Filíochta Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin 2003; Gradam Onóra Ficsin na Bliana Leabhair Pháistí Éireann 2014 agus Gradam Idirnáisiúnta IBBY 2010; ainmníodh Brionglóidí & aistir eile ar ghearrliosta Bisto 2009; agus bronnadh an Patrick Kavanagh Fellowship uirthi sa bhliain 2019.  

Louise Ní Dhaibhéid, Leascheannasaí an Oireachtais
Louise Ní Dhaibhéid, Leascheannasaí an Oireachtais

Faoi láthair, roinneann Áine Ní Ghlinn a cuid ama idir scríbhneoireacht agus ceardlanna scríbhneoireachta i scoileanna ar fud na tíre.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram