

Gortaíodh buachaill óg go dona tar éis dó a bheith ionsaithe ag dhá mhadra i rith na seachtaine.
Rinneadh ionsaí tromchúiseach ar an mbuachaill, a chreidtear a bheith thart ar dhá bhliain d’aois, i dteach i gceantar Challainn (Callan) i gCill Chainnigh ag thart ar 3 i.n Dé Céadaoin.

Cé gur chuir na Gardaí síos ar a ghortuithe mar ghortuithe tromchúiseacha, ní chreidtear go bhfuil siad bagrach don bheatha.
Tugadh an leanbh go dtí Ospidéal Mhuire na Leanaí (Our Lady Children’s Hospital Crumlin) i mBaile Átha Cliath, áit a raibh cóireáil á fáil aige.
Rinneadh ionsaí tromchúiseach ar an mbuachaill, a chreidtear a bheith thart ar dhá bhliain d’aois, i dteach.
Bhain maor madraí áitiúil na hainmhithe as an áit ionas go bhféadfaí iad a chur chun báis.
Dúirt urlabhraí na nGardaí: ‘Tá an láthair sábháilte faoi láthair go dtí go ndéanfar scrúdú teicniúil. Tá imscrúduithe ar siúl.’

Is é seo an ceann is déanaí i sraith fhada eachtraí a bhaineann le hionsaithe madraí. An mhí seo caite, cuireadh bean san ospidéal le ‘gortuithe tromchúiseacha’ i ndiaidh ionsaí i mbaile Cheatharlach ar an 30 Nollaig.
Tharla an eachtra scanrúil go gairid i ndiaidh 2i.n. ag áitreabh in Ashfield, Blackbog Road ar imeall bhaile Cheatharlach.
D’fhreastail Gardaí agus seirbhísí éigeandála ar an láthair ag maoin chónaithe, áit ar ionsaíodh bean ag madra ar an liosta pór srianta (restricted breed).
Tógadh an bhean, ina 50idí déanacha, ón láthair in otharcharr aeir go dtí Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae Baile Átha Cliath, le haghaidh cóireála ar a gortuithe.
Dúirt na gardaí freisin gur iarradh seirbhísí maor madraí, agus gur chuir tréidlia an madra chun báis ag an láthair.
Sa bhliain 2022, gortaíodh Alejandro Mizsan go dona in Inis Córthaidh, Co. Loch Garman, nuair a d’ionsaigh madra XL Bully é, rud a d’fhág gortuithe tromchúiseacha aghaidhe agus coirp air.
Mar thoradh ar an eachtra uafásach seo, tugadh isteach dlíthe nua dochta in Éirinn maidir le húinéireacht an chineáil seo madra.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.