

Tá Bonn Óir Seán Ó Riada buaite ag Ríona Hely as Inis, Contae an Chláir.
Tá Ríona i mbun céime sa Cheol agus sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá a lán duaiseanna buaite aici, duaiseanna Fleadh Ceoil agus Siansa san áireamh.

Tá sí tiomáinte do thraidisiún an cheoil a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, agus múineann sí ranganna ceoil i gCorcaigh agus i gcontae an Chláir.
Tá suim faoi leith ag Ríona i sean-stíl an chonsairtín, agus bhí tionchar mór ag Elizabeth Crotty agus Kitty Hayes ar a cuid ceoil.
Ba iad na ceoltóirí iomráiteacha Mary Mac Namara as contae an Chláir, a chasann an consairtín, agus na boscadóirí Johnny Óg Connolly agus Danny O’Mahony a bhí i mbun moltóireachta i mbliana.
Bhí 15 ceoltóir ó gach cearn den tír, beirt as Meiriceá ina measc, san iomaíocht don duais mhór i mbliana. Bronnadh an bonn óir, a dhear Niamh Utsch, agus €2,500 ar Ríona.

Craoladh craobh an chomórtais beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh, oíche Aoine, 23 Eanáir, ar an gclár Cuireadh Chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, curtha i láthair ag Peadar Ó Riada.
Bhí an comórtas dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail i mbliana, lena n-áirítear an bosca ceoil, an consairtín agus an t-orgán béil.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.