Féach ar na pictiúir! Aimsir ‘níos measa’ le teacht le Stoirm Chandra

27/01/2026

‘Beidh riosca méadaithe tuilte ann Dé Céadaoin agus Déardaoin agus fiú níos faide ná sin le linn Chandra

D’fhag Stoirm Chandra tuairim is 15,500 teach gan leictreachas timpeall na tíre Dé Máirt, agus bailte ar nós Inis Córthaidh (Enniscorthy) is measa buailte le seirbhísí tarrthála ag dul isteach chun cabhrú le daoine.

Bhí foláireamh Stádas Buí curtha i bhfeidhm ar fud na hÉireann go dtí 11 i.n Dé Mairt ach táthar ag súil go leanfaidh an drochaimsir ar aghaidh go dtí Dé Céadaoin agus Déardaoin, ar a laghad, de réir Met Éireann.

Bhí 30 eitilt ó Aerfort Bhaile Átha Cliath curtha ar ceal ar gheall ar gaoithe láidre agus dúirt Aefort Bhaile Átha Cliath ba chóir do phaisinéirí atá ag eitilt teaghmhail a dhéanamh leis an aerlíne chun nuashronaithe a fháil.

Thuairiscigh Met Éireann go raibh na haibhneacha ag ardú i rith an lae. Dúradar go bhfuil ‘seans ard’ ann go mbeidh níos mó tuilte ann ar oíche Dé Máirt agus sna laethanta atá ag teacht.

Ag labhairt di ar Drivetime, dúirt an réamhaisnéiseoir Linda Hughes go raibh roinnt aibhneacha ag cúlú mar gheall ar Chandra.

‘Beidh riosca méadaithe tuilte ann fós fiú sna laethanta amach romhainn i gcodanna áirithe den tír, go háirithe sa deisceart agus san oirthear,’ a dúirt sí.

Dúirt Ms Hughes nach bhfuil an chuid is measa fós bainte amach againn. Dúirt sí go bhfuil an talamh sáithithe agus nach bhfuil aon áit ann le haghaidh tuilleadh báistí le dul.

Dúirt sí: ‘Beidh riosca méadaithe tuilte ann, go háirithe i gcodanna den oirdheisceart, Dé Céadaoin go Déardaoin agus fiú níos faide ná sin, toisc go mbeidh na haibhneacha an-mhall ag freagairt, tá siad fós ag ardú.’

Dúirt an réamhaisnéiseoir go mbeidh Stoirm Chandra ag bogadh suas feadh iarthar na hÉireann.

‘Feicfimid roinnt gaotha an-láidir fós de réir mar a ghluaiseann an stoirm suas,’ a dúirt sí, ‘I roinnt ceantar beidh na gaotha éadroma, i dtreo lár na stoirme.

Stoirm Chandra
Tá Stoirm Chandra tar éis scrios a dhéanamh ar fud na tíre. Pictiúr: Tom Honan

‘Ach beidh roinnt gaotha an-láidir ann fós, go háirithe timpeall na gcóstaí.’

Bhí roinnt bóithre áitiúla i Muineachán tite go páirteach de bharr tuilte. Mar thoradh air sin, bhí siad dúnta.

Dúirt Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge go raibh an L8057 dúnta mar gheall ar chrann tite agus bhí Páirc Naomh Áine i mBaile Átha Cliath dúnta toisc go raibh roinnt crainn tar éis titim.

Carr. Pictiur Niall Carson PA Wire
Pictiúr: Niall Carson/PA Wire

Bhí bóithre faoi uisce agus crainn tite timpeall Lú freisin.

Bhí líon gan áireamh daoine fágtha gan áit le codladh oiché Dé Máirt. Dúirt Amy Cullen, cónaitheoir i bhforbairt tithíochta i gCill Tiarnáin, i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath: ‘Chuaigh an t-aláram ag bualadh ar maidin, 4 a chlog, agus cheapamar gurbh í an aimsir a bhí ann.

‘Agus ansin d’éiríomar ar maidin, is gnách leis na páistí rith síos. Buíochas le Dia nár rith, mar dá mbeadh, bheadh ​​an fear beag báite.

Stoirm Pictiur Niall Carson PA Wire
Pictiúr: Niall Carson PA Wire

‘Dhreap an t-uisce beagnach suas do dtí fuinneoga na dtithe inar bhog daoine isteach beagán os cionn dhá bhliain ó shin.

‘Níl sé sábháilte gan leictreachas, gan aon rud. Níl a fhios againn, i ndáiríre, níl a fhios agam. Agus tá mac uathachais agam nach maith leis athrú i ndáiríre ach an oiread… Ní dóigh liom go dtuigim fós í.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram