

Tá imeachtaí tosaithe ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne shuíomh meán sóisialta Elon Musk, X, maidir le táirgeadh íomhánna gnéasacha neamhthoiliúla de dhaoine, lena n-áirítear leanaí, ag bota comhrá na hintleachta saorga Grok.
Tagann sé seo i ndiaidh do Choimisiún na Meán agus forais faire (watchdogs) eile san AE dul i mbun cainte leis an gCoimisiún Eorpach maidir le himní faoi Grok.

Dúirt Coimisiún na Meán, faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha, go bhfuil an Coimisiún Eorpach freagrach as ‘maoirseacht a dhéanamh ar ardáin an-mhóra ar líne agus a gceanglais chun rioscaí a d’fhéadfadh a gcuid seirbhísí a chruthú i ndáil le leathadh ábhair mhídhleathaigh ar líne agus cosaint chearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint do mhionaoisigh’ a mheas agus a mhaolú.
Mhol an coimisiún d’úsáideoirí ábhar mídhleathach a thuairisciú don ardán ar líne ar a bhfaca siad é agus do Choimisiún na Meán freisin.
Agus sa Bhreatain sheol Ofcom imscrúdú freisin maidir le Grok á úsáid chun íomhánna gnéasacha chruthú.
I ráiteas ag an am, dúirt an foras faire (watchdog) sa Bhreatain go gcuireann na tuairiscí go leor ‘imní’ orthu faoin bhota comhrá á úsáid chun íomhánna lomnochta de dhaoine a chruthú agus a roinnt, chomh maith le ‘íomhánna gnéasacha de leanaí’.

Dúirt coimisinéir teicneolaíochta an AE, Henna Virkkunen, Dé Luain go ‘cinnfidh an t-imscrúdú an bhfuil X tar éis a oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh’ faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) den bhloc, atá ceaptha chun póilíneacht a dhéanamh ar fhathaigh idirlín.
Dúirt sí nár cheart go mbeadh cearta na mban agus na leanaí san AE ina ‘damáiste comhthaobhach’ do sheirbhísí X.
Dúirt an coimisiún go bhfuil sé ag fiosrú an raibh X tar éis ‘rioscaí a bhaineann le scaipeadh ábhair mhídhleathaigh san AE, amhail íomhánna gáirsiúila, lena n-áirítear ábhar a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar mí-úsáide gnéis leanaí, a mhaolú i gceart’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.