

Díreach cúpla lá tar éis don Chúirt Uachtarach gan aon achomharc breise a cheadú ón trodaí MMA Conor McGregor i gcoinne chinneadh na hArd-Chúirte i dtriail shibhialta gur éignigh sé í, d’fhógair Nikita Hand go bhfuil sí ag iompar clainne.

Dheimhnigh Nikita ar na meáin shóisialta go bhfuil sí ag súil le leanbh lena páirtí, Gary Foy, a roinn grianghraf den lánúin ar na meáin shóisialta agus a mhol Nikita.
Scríobh sé in aice leis an bpictiúr: ‘Ní fhéadfadh a bheith níos bródúla as an mbean dochreidte seo.
‘Is inspioráid thú agus tabharfaidh tú dóchas do go leor.’
Tá Nikita Hand, 36, agus an tUasal Foy ag súil leis an leanbh i mí an Mheithimh.
‘Tá Gary agus mé féin chomh sásta a roinnt go bhfuil leanbh againn,’ a scríobh sí ar Instagram.
Ghabh Nikita, a bhfuil iníon 14 bliana d’aois aici, Freya, buíochas le gach duine ‘a sheas linn agus a thacaigh linn trí gach rud’.

Níos luaithe an tseachtain seo, chinn an Chúirt Uachtarach gan achomhairc bhreise a cheadú do Conor McGregor agus dá chara James Lawrence i gcoinne thoradh chás éignithe sibhialta Nikita Hand.
Dúirt an chúirt nach raibh sí sásta gur ardaigh an fear aon ábhar a raibh tábhacht phoiblí leis ná go mbeadh achomharc breise ar mhaithe leis an gceartas.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.