

Faigheann Daidí na Nollag na ceannlínte gach bliain – ach is iad na máithreacha a dhéanann an séasúr speisialta.
Sin é an toradh ó thaighde a léiríonn gurb iad na máithreacha a bhíonn ag rith timpeall ag ceannach bronntanais agus ag róstadh an turcaí, agus an chuid eile againn ag suí siar ag baint tairbhe as.
Rinneadh suirbhé ar 2,000 duine fásta agus dúirt beagnach leath acu gurb iad na máithreacha a dhéanann an Nollaig speisialta.

Luaigh níos lú ná duine as 12 na haithreacha. Agus léirigh an suirbhé go raibh beagnach dhá thrian de dhaoine díreach ina ‘rannpháirtithe’ sa spiorad Nollag a chruthaíonn na máithreacha de ghnáth.
I measc na dtascanna a luaigh na freagróirí, dúirt 41% gurb é an siopadóireacht bhia féile an rud is tábhachtaí.
Luaigh 37% an turcaí agus na miasa breise a chócaráil – rud a dhéanann máithreacha go minic ina n-aonar – agus luaigh níos mó ná trian ‘cuimhneamh ar na pléascóg Nollag’.
Bhí ‘tuiscint na máthar’ ard ar an liosta freisin, mar shampla ‘a fhios a bheith agat cad is maith le gach duine agus cad nach maith leo’ – luaigh 45% é sin – agus a chinntiú go bhfuil téip ghreamaitheach agus siosúr ar fáil, rud a luaigh ceathrú.
Luaigh 13% go mbíonn siad sásta suí sa suíochán is measa le linn scannán Nollag.
Ní gá suirbhé do mháithreacha chun a rá leo gurb iad na laochra gan moladh a choinníonn an séasúr le chéile. Agus ní haon iontas dóibh go minic nach bhfaigheann siad buíochas.
D’admhaigh beagnach cúigiú cuid de dhaoine nach léiríonn siad buíochas i gcónaí, agus dúirt ach 16% go dtugann siad bronntanas breise mar chomhartha buíochais.

Is beag seans go mbeidh na máithreacha a dhéanann an Nollaig in ann an suirbhé sa Bhreatain – a choimisiúnaigh Coca-Cola – a léamh, mar go mbíonn siad de ghnáth tosaithe ar ullmhú seacht seachtaine roimh an lá mór.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.