

Bhí buachaill atá 13 bliana d’aois faoi scanradh tar éis ionsaí ciníoch brúidiúil i dTuaim, Co. na Gaillimhe.
Cuireadh iallach ar a chara an t‑ionsaí a thaifeadadh ar fhón, agus dúradh leis go ndófaí teach a mhuintire dá n‑inseodh sé dá thuismitheoirí.

Tharla an t‑ionsaí agus é ag siúl abhaile ón scoil, nuair a thug beirt bhuachaill níos sine é isteach i bpasáiste taobh thiar de shiopa Supervalu.
Buailtí arís agus arís eile é ar an gceann, agus cuireadh iachall air a lámha a bhaint dá aghaidh.
Nuair a dhiúltaigh sé troid, tugadh buille trom dó agus thit sé ar an talamh ag caoineadh.
Dúirt Teachta Dála áitiúil de chuild Fhine Gael gur ‘leibhéal nua íseal’ a bhí sa chás seo, agus chuir sé béim ar an imní atá ag pobal na Banglaidéiseach i dTuaim.
Tá eagla ar thuismitheoirí áitiúla anois faoina gcuid páistí.
Fuair tuismitheoirí an bhuachalla amach cad a tharla nuair a scaip duine de na hionsaitheoirí an físeán ar líne.
Tá an buachaill ró‑scanraithe anois chun dul amach, agus caithfidh a thuismitheoirí é a thabhairt chun na scoile agus ar ais.
Tá Garda ceangail curtha ar fáil don phobal Banglaidéiseach i dTuaim, agus tá an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, tar éis teagmháil a dhéanamh leis an teaghlach chun tacaíocht a thabhairt dóibh.
Dúirt Kabir Ahmmed, ball Fine Gael i nGaillimh, go bhfuil sé ‘an-scanrúil’ don phobal agus go léiríonn sé easpa meas iomlán ó na hionsaitheoirí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.