

Tar éis cúpla mí ar an margadh, tá Loftus Hall i gContae Loch Garman, an teach is taibhsiúla in Éirinn, díolta arís.
Tá sé suite ar Leithinis Hook agus tá sé ceannaigh ag infheisteoir ó Chontae na Mí, Patrick McDermott. Tá 22 seomra codlata sa teach agus tá sé suite ar 63 acra talún.

Tógadh é i 1350 ag clann Redmond, le linn na Plá Dhubh, ar shuíomh caisleáin a tógadh i 1170 ag Ridire Normannach, Raymond Les Gros.
Tugadh Loftus Hall air sna 1650í nuair a fuair plandóirí Sasanacha an teach.

I 1890, fuair an ball deireanach den teaghlach Loftus bás agus cuireadh an t-eastát ar díol. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina chlochar agus ansin mar óstán Loftus Hall.
I 2011, cheannaigh clann Quigley é agus d’oscail siad don phobal é mar mhealladh turasóireachta bunaithe ar a cháil thaibhsiúil.
Ceannaíodh é i 2022 ag Paddy McKillen Jnr agus an comhlacht Oakmount de chuid Matt Ryan ar €1.75 milliún. Chaith siad na milliúin chun é a athchóiriú agus a iompú ina óstán beag galánta, ach i mí Aibreáin 2025 cuireadh arís ar díol é.

De réir an Irish Times, tá sé beartaithe ag McDermott an t-ainm a athrú chuig Eastát Loftus agus an gairdín mór ballaí a iompú ina fheirm bheo le beostoc, fuinneamh tionchar íseal, tírdhreachtú, athfhás nádúrtha agus barraí áitiúla.

Tá sé ag súil freisin le fíon a tháirgeadh agus eorna a fhás don drioglann bheag, ag baint leas as mionaeráid na háite.
Tá pleananna ann do linnte snámha nádúrtha agus spásanna folláine faoin aer sa ghairdín ballaí.
Tá sé beartaithe freisin an teach mór 28,568 troigh/chearnach a chríochnú mar óstán só 22 seomra le seomraí bia agus seomraí aíochta, chomh maith le 60 seomra breise agus ‘eco pods’.




• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.