

Sheol an tAire Forbartha, Tuaithe, agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste Dé Céadaoin agus bhí fáilte chroíúil ann don Uachtarán tofa Catherine Connolly agus a céile Brian McEnery.
Tá réimse leathan imeachtaí ar chlár na bliana seo idir seoltaí leabhar, díospóireachtaí, clubanna na féile agus, i gcroílár na féile, na comórtais taibhealaíon.

Cuireadh tús le ceiliúradh cúig lá ar theanga agus ar chultúr na hÉireann, agus táthar ag súil go nglacfaidh breis is 10,000 duine páirt i gcomórtais, léachtaí, léirithe agus lainseálacha leabhar.
Dúirt an tAire Calleary: Tá an teanga beo agus ag fás i mBéal Feirste agus tá pobal bríomhar Gaeilge anseo sa chathair. Tá an-áthas orm a bheith ag oscailt an cheiliúrtha fhíorspeisialta anseo inniu.’
Mhol Catherine Connolly ról na féile i gcur chun cinn na Gaeilge agus i gcothú malartú cultúrtha i measc pobal.
‘Ní hamháin gur ceiliúradh ar ár n-oidhreacht é Oireachtas na Samhna, ach is léiriú cumhachtach ar aontacht agus ar chruthaitheacht é,’ a dúirt sí.

Agus í ag cur fáilte roimh an Uachtarán tofa, dúirt ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha nach cuimhin léi Oireachtas ‘nár fhreastail Catherine air’.
Labhair Leas-Mhéara Bhéal Feirste, Paul Doherty ag léiriú bróid as an ócáid a bheith á reáchtáil ag an gcathair.
‘Is mór an onóir dúinn fáilte a chur roimh Oireachtas na Samhna go Béal Feirste. Tá an fuinneamh agus an díograis a thugann sé le feiceáil cheana féin,’ a dúirt sé.
Tá réimse leathan imeachtaí ar siúl ag an bhféile, a bheidh ar siúl go dtí Dé Domhnaigh, lena n-áirítear comórtais amhránaíochta agus damhsa sean-nóis, duaiseanna liteartha, agus gníomhaíochtaí dírithe ar an aos óg.
Chomh maith leis na himeachtaí agus na comórtais stáitse, bíonn na sluaite ag triall freisin ar Aonach an Oireachtais, atá ar siúl i mbliana san ICC.
Is deis atá ann dóibh siúd a fhreastalaíonn ar an bhféile bualadh le gnólachtaí, eagraíochtaí, institiúidí agus fiú amháin páirtithe polaitiúla a bhfuil an Ghaeilge tábhachtach dóibh.
Tá 80 eagraíocht le bheith páirteach i mbliana san Aonach i mbliana. Deis atá ann dóibhsean a saothar a chur os comhair phobal an Oireachtais – is iad pobal na Gaeilge an sprioc-mhargadh atá ag a bhformhór.
Agus d’fhógair An tOireachtas buaiteoirí ghradaim chumarsáide an Oireachtais ag Searmanas Bronnta i Halla na Cathrach.
Is ar Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF), de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, a bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana.
Is í Katelyn Hayes (Nuacht Cúla4) a fógraíodh mar Réalta Óg na Bliana, an t-aon ghradam amháin a bhronntar ar bhonn vóta poiblí.
Bronnadh Gradam Speisialta ar Raidió Fáilte chun aitheantas a thabhairt don saothar ollmhór a bhí curtha i gcrích acu le 40 bliain ag freastal ar phobal Gaeilge Bhéal Feirste.
‘Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí ar fad a bhain gradam amach anocht,’ a dúirt Uachtarán an Oireachtais, Eamon Ó Cuív.
‘Tá éacht á dhéanamh ag earnáil na meán cumarsáide Gaeilge sa bhfreastal a dhéanann siad orainn le léiriúcháin bhreátha, scoth na gclár siamsaíochta chomh maith le seirbhís nuachta agus cúrsaí reathaí ar ardchaighdeán.

‘Tréaslaím le gach duine a fuair Gradam Cumarsáide anocht agus guím gach rath ar na craoltóirí, na stáisiúin, na hiriseoirí, na colúnaithe agus na daoine cruthaitheacha eile atá ag obair san earnáil I gcaitheamh na bliana amach romhainn.’
GRADAM SPEISIALTA
Raidió Fáilte
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
Scoil Choille, Corcra Media
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Ruaille Buaille, Highland Radio
IRISEOIR NA BLIANA
Cuan Ó Seireadán, RTÉ
CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Níl aon Tinteán, Clean Slate Productions
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Dónall Mac Ruairí, RTÉ Raidió na Gaeltachta
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Crá, Fibín
COLÚNAÍ NA BLIANA
Bridget Breathnach, Tuairisc.ie
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Tús Áite, RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Síomha Ní Ruairc
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
An Áit a nÓlann an tUan an Bainne, Raidió Pobail Chonamara
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Liam Mac Amhlaigh, Raidió na Life
SCANNÁN NA BLIANA
Aontas, Púca Pictures
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Katelyn Hayes, Nuacht Cúla4
BUAICGHRADAM CUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2025
An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.