Saoirse na tíre anois ar dualgas idirnáisiúnta

Beidh imreoir Chorcaí Saoirse McCarthy ina captaen ar Éirinn sa chluiche comógaíochta-Shinty Dé Sathairn. Agallamh le Brian Barry

Níor chríochnaigh sé mar a bhí súil ag Saoirse McCarthy leis an séasúr idirchontae, nuair a chaill foireann Chorcaí i gcluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh in aghaidh na Gaillimhe.

Ach tá deis nua faighte aici le cúpla seachtain anuas chun deireadh maith a chur leis an mbliain, mar gur roghnaíodh í mar chaptaen ar fhoireann na hÉireann i gcluiche rialacha idirnáisiúnta in aghaidh na hAlban an Satharn seo.

 Saoirse McCarthy le captaen iomána  Dan Morrissey
Saoirse McCarthy le captaen iomána Dan Morrissey

Ní raibh sé ar mo liosta riamh!’ a deir sí ag gáire. ‘Ag imirt camógaíochta, ní thagann na seansanna seo go minic. Ach tá sé dochreidte.

‘Tá an freagra ó dhaoine greannmhar go maith. Tuigeann tú cé chomh tábhachtach is atá sé. Tá mo Dhaid ar mhuin na muice ag insint do chách go bhfuil mé i mo chaptaen ar Éirinn! Is aoibhinn liom a fheiceáil cé chomh sásta is atá siad.’

Tá Ger Manley i mbun bainistíochta ar an bhfoireann, agus tá Ashling Thompson ó Chorcaigh ar an bpainéal freisin. Ach seachas sin, is taithí úrnua í do McCarthy.

‘Tá sé suimiúil. Tá taithí éagsúil ag gach duine. Tá siad ó chontaetha éagsúla, ó gach cearn den tír,’ a mhíníonn sí.

‘Bhí mé ag caint le Dearbhla Magee ón Dún. Tá a gcluiche craoibhe difriúil go maith ónár gceann féin. Tá sé suimiúil ag caint faoi na cluichí a d’imríomar in aghaidh a chéile. Tuigeann tú go bhfuil cosúlachtaí ann idir gach áit istigh de CLG. Tá sé deas mar sin.’

Tá an fhoireann ag teacht le chéile go maith roimh an turas go hInbhir Nis.

‘Bhí Ashling ag an traenáil Dé Sathairn agus d’fhéadfainn í a aimsiú go héasca, mar bhí a fhios agam cá rachadh sí. Sin an cineál rudaí a bhíonn agat le do chomrádaithe.

‘B’fhéidir nach mbeadh an cleachtadh céanna agat leis na himreoirí eile,’ a deir Saoirse. ‘Ach táimid ag traenáil le chéile agus ag cur aithne ar a chéile le mí anuas.

‘Tá na rialacha difriúil, agus nílimid go hiomlán cleachta leo fós. Is é an rud is deacra dom ná gan an liathróid a thógáil agus tú ag rith.

‘Má tá tú ag iompar na liathróide agus caithfidh tú an liathróid a thógáil chun féachaint suas… sin an rud is deacra dom. Ní féidir leat í a chiceáil ach an oiread – agus ní thuigeann tú cé chomh minic is a dhéanann tú é go dtí nach féidir leat.’

Tá siad ag súil le dúshlán crua in Albain.

‘Beidh sé an-fhisiciúil. Beidh sé ina chluiche crua, tá na cailíní sin an-mhaith ag an gcluiche,’ a deir sí.

‘Táimidne níos nuaí ann. Tá gach rud le himirt anois Dé Sathairn, agus ba chóir go mbeadh sé ina thaithí iontach.’

‘Bhí mé i nDún Éideann (Edinburgh) uair amháin… ach ní raibh mé riamh chomh fada sin ó thuaidh (go hInbhir Nis). Tá mé ar bís, agus sásta go mbeidh muid ag dul thar sáile leis na hiománaithe agus ag fáil an taithí sin freisin.’

Tá dul chun cinn ann freisin go bhfuil na foirne camógaíochta agus iománaíochta ag taisteal le chéile mar aon ghrúpa.

‘Cinnte, is céim sa treo ceart é maidir le comhtháthú na gcluichí,’ a deir sí. ‘Tá sé iontach, fiú ag caint leis na hiománaithe ag traenáil agus a bheith ann ar na maidineacha céanna.

Tá siad ag súil le dúshlán crua in Albain.
Tá siad ag súil le dúshlán crua in Albain.

Tá tú ag bualadh leo go léir. Tá sé deas a fheiceáil go bhfuil sé ar chomhchéim anois. Sílim gur céim chun cinn atá ann.’

  • Beidh an cluiche dúbailte Dé Sathairn i bPáirc Bught, Inbhir Nis á chraoladh beo ar chainéal YouTube BBC Alba, agus tosóidh cluiche na mban ag meánlae.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram