

Tá Béal Feirste ag ullmhú le haghaidh Oireachtas na Samhna – an fhéile Ghaeilge agus chultúir is mó ar an oileán – agus tá suas le 10,000 cuairteoir agus rannpháirtí ag súil le freastal ann.
Beidh an fhéile ar siúl ó 29 Deireadh Fómhair go 2 Samhain, agus is í seo an chéad uair le beagnach 30 bliain go dtiocfaidh sí ar ais go Béal Feirste.
Bunaíodh Oireachtas na Samhna sa bhliain 1897 agus ceiliúrann sí na healaíona traidisiúnta, an comhrá agus an cultúr trí chomórtais, léirithe agus díospóireachtaí.

I mbliana, beidh na himeachtaí ar siúl i roinnt ionaid ar fud na cathrach, lena n-áirítear Halla an Tionóil (ICC), Óstán Europa, Halla Uladh agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.
Dúirt Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go mbeidh borradh suntasach faoin ngeilleagar áitiúil mar thoradh ar an bhféile. Tá óstáin agus gnólachtaí ag ullmhú tairiscintí speisialta, agus tá Translink tar éis seirbhísí breise traenach agus bus a chur ar fáil don lucht freastail.
Dar leis an gcomhairle, is ‘nóiméad cultúrtha stairiúil’ é filleadh an Oireachtais ar Bhéal Feirste, agus léiríonn sé fás na Gaeilge sa chathair agus rath na n-iarrachtaí pobail, go háirithe i gceantair mar iarthar na cathrach.
Tá an fhéile á tacú ag Turasóireacht Thuaisceart Éireann agus Foras na Gaeilge, a bhfuil béim á cur acu ar luach an Oireachtais don mhalartú cultúrtha trasteorann agus don turasóireacht.
Tagann an fhéile ag am ina bhfuil muinín nua sa ghluaiseacht Gaeilge.
Tá grúpaí gníomhacha mar An Dream Dearg tar éis fáilte mhór a chur roimh an bhféile, ag rá gur comhartha í ar an athrú dearfach i ndearcadh i leith na Gaeilge i mBéal Feirste agus lasmuigh den Ghaeltacht.
Beidh meascán de chomórtais seanbhunaithe agus tionscadail chruthaitheacha nua ar siúl i mbliana, spreagtha ag ceol agus amharclannaíocht chomhaimseartha na Gaeilge.
Beidh ealaíontóirí óga focail labhartha páirteach, in éineacht le hamhránaithe agus damhsóirí sean-nóis ó gach contae in Éirinn.
Beidh ceiliúradh speisialta ann ar bheirt de na healaíontóirí ceoil is mó a tháinig as Béal Feirste.
Tá comórtas rapcheoil nua curtha ar bun mar fhreagra ar rath Kneecap; agus mar ómós d’on ‘Albert Fry, nach maireann, tá comórtas nua ann d’amhránaíocht le giotár amháin mar thionlacan.
Bhí cor sa scéal nuair a thosaigh Fry – a fuair bás i 2021 – ag seinm ghiotáir agus é ag canadh amhráin Ghaeilge a bhíodh á gcanadh gan tionlacan ceoil roimhe sin.
‘Ní gá don amhránaí an giotár a sheinm féin – is féidir le duine eile é a sheinm leo,’ a dúirt Uachtarán an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha.

Tá an Comórtas Rapcheoil nua dírithe ar dhaoine faoi 18 mbliana d’aois, agus bronnfar Corn Cuimhneacháin Ghearóid Ó Cairealláin ar an amhrán nuachumtha is fearr – in ómós don teangeolaí mór Gearóid Ó Cairealláin.
‘Tá an feiniméan Kneecap le feiceáil ar fud na tíre, agus ní féidir linn teacht go Béal Feirste gan an tionchar iontach atá acu ar an nGaeilge a aithint,’ a dúirt Máirín.
‘Táimid ag iarraidh go mbainfidh daoine óga i mBéal Feirste taitneamh as an Oireachtas agus go nglacfaidh siad páirt ann – agus creidimid gur slí mhaith í seo chun é sin a dhéanamh.’
Beidh scoileanna agus grúpaí pobail áitiúla ag reáchtáil ceardlanna agus ócáidí blaiseadh sna laethanta roimh an bhféile, chun lucht nua a mhealladh chuig an teanga trí cheol agus scéalaíocht.
Ag labhairt roimh oscailt na féile, dúirt Máirín Nic Dhonnchadha go léiríonn cinneadh an Oireachtais filleadh ar Bhéal Feirste ‘fás dochreidte na Gaeilge sa chathair agus an fáilte atá á cur roimh chainteoirí Gaeilge anseo inniu’.
Dar le lucht eagraithe, is ceiliúradh ar an traidisiún atá san Oireachtas, ach is léiriú freisin í ar thír atá ag athrú – áit ina bhfuil an Ghaeilge le feiceáil níos minice sa saol laethúil, ó chomharthaí go meáin shóisialta.
Do go leor rannpháirtithe, is filleadh abhaile í an fhéile agus dearbhú muiníne cultúrtha: beidh an Ghaeilge, a bhí imeallaithe tráth i mBéal Feirste, ar lár an stáitse arís sa chathair.
Dé Céadaoin
Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí, beo ó stiúideo Raidió Fáilte. 2.30-5pm.
Déardaoin
Michelle Nic Grianna le Barrscéalta beo ó Raidió Fáilte. 11am-12pm.
Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí beo ó Raidió Fáilte. 2.30-5pm.
Mórchomórtas Sean-nóis na bhFear beo i Halla Mór an ICC le Séamus Ó Scanláin. 7-10pm.
Dé hAoine
Adhmhaidin, le Gormfhlaith Ní Thuairisg beo ó Mol na Meán, Halla 1, ICC. 8-9am.

Barrscéalta, beo ó Mol na Meán, ICC Béal Feirste. 11-12pm.
Pé Scéal É le Máire Treasa Ní Dhubhghaill beo ó Mol na Meán san ICC. 3-5pm.
Mórchomórtas Sean-Nóis na mBan le Damien Ó Dónaill ó Halla Mór an ICC. 7.30-10pm.
Dé Sathairn
An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, le Seiminéar an Oireachtais ó Halla 2A, Leibhéal 1, ICC. 11-12pm. Leis an tOllamh Fionntán de Brún, an t-abhcóide Cecilia ní Choileáin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin agus taighdeoir PhD Róisín Nic Liam.
Ar Seó an Oireachtais le Michelle Nic Grianna. 12-2pm.
Beidh Corn Uí Riada príomhchomórtas sean-nóis an Oireachtais, á chur i láthair beo ag Neansaí Ní Choisdealbha ón Halla Mór, ICC ó 7pm.
Dé Domnhaigh
Aifreann an Domhnaigh beo ó Shéipéal Pobail Mhuire, Béal Feirste ag 11am.
Cuirfidh Togha agus Rogha clabhsúr leis an gcraoladh beo ón Óstan Europa ag 11.45am.
Beidh spraoi, ceol, agus féiríní don lucht féachana le fáil le linn na gcláracha beo.
Is féidir éisteacht leis na craoltaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar líne ag rte.ie/rnag agus @rternag a leanúint ar Facebook agus Instagram.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.