

Tá ambasadóir nua na Breataine go hÉirinn, Kara Owen, tar éis í féin a chur in aithne dúinn ar bhealach nach mbeadh indéanta do go leor dár bpolaiteoirí féin – lena n-áirítear Ceann Comhairle na Dála agus duine de na hiarrthóirí Uachtaránachta.
Labhair Ms Owen – a bhfuil a fear céile William Tierney ina iar-bhall d’Óglaigh na hÉireann, agus a bhfuil iníonacha aici darb ainm Saoirse agus Líle – linn i nGaeilge, i bhfíseán fada snasta a foilsíodh ar na meáin shóisialta.
Labhair sí i nGaeilge freisin nuair a bhí sí ag glacadh lena dintiúir (credentials) in Áras an Uachtaráin.
Ceapadh Ms Owen i mí Mheán Fómhair agus fuair sí a dintiúir ón Uachtarán Micheál D Ó hUigínn an tseachtain seo.

Ag labhairt i nGaeilge ar an bhfíseán ar na meáin shóisialta, thagair Ms Owen dá tréimhse féin ina cónaí anseo, dá teaghlach Éireannach agus dá huaillmhian fhadtéarmach oibriú in Éirinn don tseirbhís taidhleoireachta, rud atá bainte amach aici.
Dúirt sí: ‘Dia dhaoibh, is mise Kara Owen agus is mór an onóir dom mé féin a chur in aithne daoibh mar Ambasadóir nua na Breataine chun na hÉirinn.’

Agus lean sí ar aghaidh ag caint Gaeilge. Tar éis di a rá go raibh breis agus 30 bliain de thaithí aici mar thaidhleoir, dúirt sí: ‘Bíonn an siúlach scéalach.’
Dúirt sí gurbh é an ceapachán mar ambasadóir na Breataine go hÉirinn an rud a bhí uaithi le fada an lá. Is mar gheall ar a teaghlach Éireannach agus an tréimhse a chaith sí ina cónaí anseo atá an ceapachán seo pearsanta.
Agus dúirt sí: ‘Tá meas mór agam don tír seo.’
Ag tagairt do na naisc idir an dá thír agus go háirithe líon na ndaoine ón dá thír a d’oibrigh le chéile, dúirt sí:
‘Giorraíonn beirt bóthar.’
Agus í ag tagairt don chaoi a léiríonn muintir na hÉireann an bealach gur féidir le spórt pobail a chur le chéile, dúirt sí go raibh sí i gcluiche ceannais na camógaíochta i mbliana agus chuir sí leis: ‘Comhghairdeas go Gaillimh!’
Ach ní raibh deireadh leis an nasc cultúrtha le sin. Roimh ‘go raibh maith agat agus slán go fóill’ a rá, dúirt sí gur lucht leanúna dílis de Learpholl í, rud a neartóidh a nasc le go leor daoine in Éirinn.
Tá breis agus tríocha bliain de thaithí thaidhleoireachta aici agus tá ceangal pearsanta suntasach aici le hÉirinn. Is oifigeach ar scor de chuid Óglaigh na hÉireann é a fear céile, William Tierney, agus casadh an lánúin ar a chéile agus iad ag obair in Aceh, san Indinéis.

Le linn na searmanais in Áras an Uachtaráin, bhí a fear céile agus a n-iníonacha, Saoirse agus Líle Tierney in éineacht léi. Agus bhí sí ag labhairt Gaeilge arís.
Dúirt sí: ‘Is mór an onóir dom a bheith ainmnithe mar Ambasadóir na Ríochta Aontaithe go hÉirinn.’
Agus lean sí ar aghaidh: ‘Mar chomharsana, tá an ceangal idir an Bhreatain agus Éireann fíor thábhachtach agus speisialta… tá nasc láidir idir ár muintir.
‘Tá mé geallta chun feabhas a chur ar ghaolta idir an dá thír agus mé ag obair mar ambasadóir.
‘Creidim go bhfuil na laethanta is gile amach romhainn.’
Is dúchasach de Cumbria i Sasana í Ms Owen, rinne sí staidéar ar stair in Ollscoil Sheffield agus ina dhiaidh sin ghnóthaigh sí céimeanna iarchéime ón London School of Economics agus Ollscoil Cranfield.

Chuaigh sí isteach san Oifig Gnóthaí Eachtracha agus Comhlathais (FCO) sa Bhreatain i 1993, ag tosú mar Oifigeach Deisce don Rúis.
Chaith sí tréimhse ag obair i Hong Cong, Hanoi, Páras, agus Singeapór, áit ar fhreastail sí mar Ard-Choimisinéir ó 2019 go 2024.
Bhí róil shinsearacha ag Owen laistigh den FCO freisin, lena n-áirítear Stiúrthóir Mheiriceá agus Ceann na hÉagsúlachta agus an Chomhionannais.
Bhí sí ina Rúnaí Príobháideach don Rúnaí Gnóthaí Eachtracha Jack Straw.

Tá cáil ar Owen as éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn laistigh den tseirbhís taidhleoireachta.
Labhair sí go hoscailte faoi bhacainní a shárú mar bhean ó chúlra neamhthraidisiúnta in institiúid stairiúil mionlach.
D’fhéadfadh a fonn ár dteanga dhúchais a fhoghlaim, agus í a chur chun cinn, Airí agus ionadaithe na hÉireann – go háirithe iad siúd a mbeidh sí ag plé leo – a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus snas a chur ar an méid dár dteanga atá acu.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.