

Mar aon leis an gcuid is mó de dhaoine óga na hÉireann, d’fhág Caitríona Ní Chualáin a baile agus thaistil sí. Ach tar éis cúpla bliain ar shiúl ó Ghaeltacht Chonamara, tá sí ar ais agus tá sí sásta anois ag obair mar láithreoir aimsire agus leanúnachas TG4.
Bhíos fiosrach le fáil amach conas a chur Caitríona suim sna meáin agus cúrsaí aimsire.

‘Bhuel, chonaic mise fógra ar Facebook i 2018. Bhí mé ag múineadh ag an am thuas i Maigh Nuad. Ní raibh aon taithí agamsa a bheith ag obair sna meáin nó ar an teilifís riamh.
‘Ach dúirt mé liom féin, cuirfidh mé isteach air, agus feicfidh mé cén chaoi a n-aireodh liom.
‘Ag an am, bhí mé ag rá liom féin: b’fhéidir go smaoineoidh siad orm amach anseo.’
Dúirt sí: ‘Bhí mé ag obair go páirt aimsire ar an Aimsir ar dtús. Bhí cúpla bliain ansin freisin go raibh mé ag múineadh bunscoile, agus ar an Aimsir ag an am céanna.
‘Bheinn ag múineadh ó Luan go hAoine, agus ansin ar an Aimsir Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Agus bheinn ag obair go minic nuair a bhí briseadh agam ón scoil.
‘Tá sé go deas anois go féidir liom díriú ar aon rud amháin, ar an Aimsir, agus mo phost anseo i TG4.
‘Bím ag láithriú na hAimsire, ach bím ag taifead míreanna Aimsire agus leanúnachas go laethúil. Bíonn muid ag guthú idir na cláir.

‘Mar sin, is muidne guth agus glór TG4 i ndáiríre, mar gheall go mbíonn muid le cloisteáil air go laethúil. Áiríonn sé difriúil chuile lá beo, ós rud é go bhfuil muid ag brath ar an Aimsir, go litriúil.’
Tá Caitríona soiléir faoina grá don teanga, agus áthas uirthi faoin méid daoine atá ag foghlaim anois í.
‘Is iontach an rud é go bhfuil foghlaimeoirí ag iarraidh socrú síos sa nGaeltacht,’ a dúirt Caitríona. ‘Ní bheifeá ag súil ar aon rud eile, má tá suim ag daoine sa nGaeilge agus cúrsaí Gaeltachta, go mbeadh tús áite tógtha do dhaoine mar sin.
‘Agus má tá daoine ag iarraidh teacht chomh fada go dtí an nGaeltacht chun an teanga a chaomhnú, nach iontach an rud é?’
Is aoibhinn le Caitríona, freisin, cuairt a thabhairt ar thíortha timpeall an domhain. Creideann sí go bhfuil sí an-tábhachtach cultúir éagsúla a iniúchadh.
‘Nuair a théann tú chuig tír eile, tugtar súil eile duit ar an saol, agus an chaoi a gcaitheann daoine a gcuid saol,’ a dúirt Caitríona.
‘Tugann sé dearcadh difriúil duit. Is breá liom cultúir éagsúla a fheiceáil, agus a bheith ag éisteacht le teangacha éagsúla.

‘Nuair a théann tú go Notting Hill, mar shampla, tugann sé seans duit saol eile a fheiceáil.
‘Fiú ag dul thart Notting Hill nó Londain ag blasanna bianna éagsúla agus na cultúir freisin, is iontach an rud é sin’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.