

Bhí seó Éadaí na mBan le Jonathan Anderson do Dior ar cheann de bhuaicphointí Seachtain Faiseanta Pháras, ag meascadh oidhreacht le nuálaíocht i slí chumhachtach agus úr.
Tháinig an saol faisin le chéile i nGairdíní Tuileries chun tús a chur leis an mbailiúchán seo don earrach/samhradh 2026 le Dior, faoi stiúir an dearthóra Éireannaigh Jonathan Anderson.
Tar éis a sheó éadaí fir i mí an Mheithimh, bhí an lucht féachana ag súil go mór lena fhís do mhná, agus níor chuir sé díomá orthu.

Thosaigh an seó le scannán gearr ó Adam Curtis, ag taispeáint na stiúrthóirí cruthaitheacha a bhí ag Dior roimhe seo, lena n-áirítear Christian Dior féin.
Ba léiriú é seo ar mheas Johnathan Anderson ar oidhreacht an tí, agus ar a mhisneach dul i mbun na dualgais.
Bhí an seó lán le tagairtí do chóid chlasaiceacha Dior, cosúil leis an ghúna Cigale agus an chulaith bheáir, ach tugadh léirmhíniú nua-aimseartha orthu.
Bhí an chulaith bheáir athchruthaithe mar sheaicéad gearr gleoite le sciorta mín pléite, agus bhí psinnéair leathan ar na gúnaí spreagtha ag dearadh na Cigale.

Measc Anderson stíleanna stairiúla le heilimintí comhaimseartha, ag cothromú táilliúireacht galánta le deinim scaoilte.
Bhí gúnaí le crochadh bog, sciortaí origami, agus cótaí babydoll i ndathanna saibhir mar chuid den seó.
Bhí sonraí neamhghnácha le feiceáil freisin: bróga le cluasa coinín, hataí tricorne ó Stephen Jones, agus léinte lása le muineál ard.
Thug Johnathan Anderson ómós dá oidhreacht Éireannach, le bréidín Dhún na nGall, cótaí glasa, agus samhlacha rua.
Léiríodh an dán ‘She Walks in Beauty’ leis an Tiarna Byron i gcanúint Éireannach ag deireadh an seó, rud a chuir le mothúchán na hócáide.

Mar an chéad stiúrthóir cruthaitheach i 70 bliain a dhéanfaidh maoirseacht ar éadaí fir, dúirt Johnathan Anderson go bhfuil ‘athrú dosheachanta’ agus léirigh an seó seo go bhfuil sé in ann dul chun cinn a dhéanamh agus, ag an am céanna, meas a léiriú ar thraidisiúin an tí.
Bhí gach píosa sa seó áille, tráchtála agus réidh don saol fíor, rud a thaitneoidh le Bernard Arnault, POF LVMH, go háirithe i bhfianaise laghdú domhanda ar dhíolachán só.
Tá tús curtha ag Johnathan Anderson le caibidil nua ag Dior – agus beidh sé suimiúil a fheiceáil cá dtabharfaidh sé an teach ina dhiaidh seo.














• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.