Niamh Ní Chróinin: Siúlann tú isteach in arena mór i bPáras le daoine óga ag canadh i nGaeilge … tá sé dochreidte

Labhair Niamh Ní Chróinin le hAoife Ní Bhraoin faoi Cúla4, Junior Eurovision, a thosaíonn ar TG4 Dé Domhnaigh, agus faoi sceitimíní saoil sa chraoltóireacht

Ceann de na cuimhní is ansa le Niamh Ní Chróinin ná an chuimhne atá aici ar shiúl isteach san arena do Junior Eurovision i bPáras agus éisteacht leis na hiomaitheoirí óga ag canadh ina teanga féin.

Dúirt sí: ‘Níor chreid mé cé chomh mór is a bheadh sé.

Tógadh Niamh i dteaghlach dátheangach i bPort Mearnóg (Portmarnock) i mBaile Átha Cliath, agus bhí an grá aici don chraoltóireacht i gcónaí
Tógadh Niamh i dteaghlach dátheangach i bPort Mearnóg (Portmarnock) i mBaile Átha Cliath, agus bhí an grá aici don chraoltóireacht i gcónaí

‘Nuair a shiúlann tú isteach, agus nuair a fhéachann tú an arena seo, agus an méid oibre atá curtha isteach; agus ansin go mbeidh d’iomaitheoir ag canadh i do theanga féin ar an ardán seo. Tá sé dochreidte.’

Bhí sí i bPáras ag an am mar bíonn deiseanna aici freastal ar an gcomórtas thar lear, mar mholtóir ar Junior Eurovision.

Ar ndóigh beidh Niamh ar ais sa ról céanna Dé Domhnaigh ag 7.30pm ar TG4.

Ach is ar Cúla4 atá sí is gnóthach anois. Agus is post é sin a bhfuil sí an-phaiseanta faoi.

Labhair mé léi faoi sin agus caithfidh mé a rá go raibh mé beagáinín neirbhíseach faoi bhualadh léi, tar éis mo chéad chruinniú léi.

Ag an am sin bhíos ag an Oireachtas le mo chara Tess. Bhíomar sa Gleneagle i gCill Airne, agus chonaiceamar Niamh ag obair ar nós bean ar mhisean sa seomra Cúla4. Ghoideamar goodie bags agus gach rud. Bhí sé craiceáilte!

Cula4 Niamh Ni Chroinin

Ach ní raibh aon ghá le bheith buartha, bhí comhrá iontach againn.

 Dúirt sí liom: ‘Tá sé an-tábhachtach dúinn ag Cúla 4 go bhfuil daoine óga i gcroílár gach cinneadh a dhéanann muid.

‘Nuair a chuireann siad an teilifís ar siúl, feiceann siad cláir atá ag teastáil uathu agus daoine atá cosúil leo féin. Sílim go bhfeicfidh muid an tionchar nuair atá na daoine óga níos sine.

‘I gceann deich nó fiche bliain, tuigfidh muid an tionchar atá ag an stáisiún ar dhaoine óga.’

Is léir go bhfeiceann sí Cúla4 mar rud éigin níos mó ná cainéal teilifíse do pháistí.

‘Buaileann tú le daoine óga agus deir siad leat go bhfuil siad ag féachaint ar Cúla4,’ a dúirt sí.

‘Is féidir leat a bheith ag obair san oifig, agus tuigeann tú go bhfuil obair fíor thábhachtach ar siúl agat.

‘Ach, nuair a bhuaileann tú leis an lucht féachana, tugann sé sin an mhuinín agus an spreagadh dom.’

Agus nuair a bhí sí óg, ar cheap sí go mbeadh sí ina láithreoir teilifíse?

NiamhEV

Tógadh Niamh i dteaghlach dátheangach i bPort Mearnóg (Portmarnock) i mBaile Átha Cliath, agus bhí an grá aici don chraoltóireacht i gcónaí. Rinne sí iarracht podchraoladh a thosnú agus í ar mheánscoil. Agus ar ndóigh bhí sí ina bhainisteoir ar Raidió Rí-Rá.

‘Chun an fhírinne a rá, níor cheap mé riamh go mbeadh an deis agam nó go dtarlódh sé dom. Ach bhí mé i gcónaí ag iarraidh triail a bhaint as, agus taithí éigin a fháil leis.

‘Bhí an-spéis agam i gcónaí sna meáin. Thaitin sé liom a bheith ag labhairt le daoine. Thaitin sé liom a bheith ag obair le daoine óga freisin. Thosaigh mé ag múineadh ranganna fidil nuair a bhí mé cúig bliana déag d’aois. Thaitin an stíl oibre sin liom.’

Deir Niamh freisin: ‘Tá na meáin, agus na meáin Gaeilge leo, tar éis fás an oiread sin go mbeidh jabanna ann sa todhchaí nach bhfuil cliú againn fúthu faoi láthair.

‘Fiú rudaí ar na meáin shóisialta. Ní raibh na meáin shóisialta ann nuair a bhí mé níos óige. Tá rudaí ag athrú an t-am ar fad, agus tá an oiread sin ann, go háirithe leis an gcainéal Cúla4.

 An raibh athrú mór i gceist nuair a bhog sí ón phríomhchathair go Gaillimh chun tús a chur le Cúla 4?

‘I gceann deich nó fiche bliain, tuigfidh muid an tionchar atá ag an stáisiún ar dhaoine óga'
‘I gceann deich nó fiche bliain, tuigfidh muid an tionchar atá ag an stáisiún ar dhaoine óga’

‘Athrú mór a bhí ann, go cinnte. Ach an rud a bhí go deas faoi ná go bhfuil tú ag déanamh normalú ar an teanga do dhaoine óga.

‘Bhí sin ag tarlúint ar Raidió Rí-Rá, agus tarlaíonn sin ar Cúla4. Nuair atá tú ag obair sna meáin, go ginearálta tá gach duine an-phaiseanta faoi chláracha agus ábhar ar ard-chaighdeáin a chur ar fáil.

‘Agus nuair atá tú ag obair sna meáin Gaeilge, tá sé sin ann. Ach tá daoine an-phaiseanta faoin Ghaeilge freisin. Agus tuigeann siad an tábhacht atá ann.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram