

Tá drochnuacht do lucht bia i mBaile Átha Cliath 8. Tá an bhialann Urban8 i gCill Mhaighneann (Kilmainham) ag dúnadh go buan tar éis roinnt blianta ag freastal ar an gceantar.
Bhain Urban8 cáil amach de bharr a roghchlár fairsing a chlúdaigh bricfeasta, lónta agus dinnéir, chomh maith le deochanna speisialta agus manglam (cocktails) a mheall go leor custaiméirí dílse.

I dteachtaireacht a foilsíodh ar líne an tseachtain seo, dúirt bainisteoirí na bialainne: ‘A chairde dílse, tar éis go leor chuimhneacháin, béilí roinnte agus gáirí, tá ár dturas tagtha chun deiridh.
‘Beidh Urban8 ag dúnadh a doirse go buan. Gabhaimid buíochas ó chroí libh ar fad as bhur dtacaíocht agus bhur bhfáilte.
‘Beidh cuimhní maithe againn oraibh i gcónaí.’
Bhain an fógra seo stangadh as go leor daoine sa chomharsanacht.
Scríobh custaiméir amháin: ‘Táim croíbhriste – bhí sé ar cheann dár dtithe bricfeasta is ansa linn. Beidh an áit seo in easnamh orainn go mór.’
Luaigh duine eile: ‘Bialann iontach, bia álainn agus foireann thar a bheith cairdiúil. Tá brón orm go bhfuil sibh ag imeacht.’
Rinne custaiméir Urban8 eile tagairt phearsanta dá thábhacht sa phobal: ‘B’áit éalaithe é domsa le linn tréimhse chrua i mo shaol pearsanta.
‘Beidh me buíoch i gcónaí as sin, agus guím gach rath oraibh amach anseo.’
Bhí Urban8 mar chuid de ghrúpa Galway Bay Brewery, agus cuireadh athnuachan mhór air i 2022.
Bhí acai babhla, burgair mairteola agus bricfeasta ceardaíochta Éireannach ar an mbiachlár, rud a mheall daoine áitiúla agus cuairteoirí.
Chomh maith leis sin, bhí cead ag custaiméirí Urban8 a madraí a thabhairt isteach, agus de réir a suíomh gréasáin, bhí sé i gceist ag an bhfoireann a bheith mar ‘phointe cruinnithe don phobal agus do chuairteoirí araon, áit a raibh fáilte mhór roimh gach duine.’
Is mór an caillteanas é don cheantar, a deir muintir Chill Mhaighneann.
Tá an pobal buartha mar leanann gnóthaí beaga eile sa phríomhchathair ag dúnadh de bharr costais arda a bhaineann le gnó a reáchtáil i mBaile Átha Cliath.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.