

Má éiríonn le Jim McGuinness foireann Dhún na nGall a threorú chun bua ar Chiarraí Dé Domhnaigh, beidh sé buíoch as na múinteoirí is fearr sa tír – peileadóirí Chiarraí.
Nuair a bhí McGuinness ina mhac léinn i ‘Tralee IT’ (Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan anois), chaith sé cuid mhór ama ag foghlaim scileanna peile i gcontae na máistrí.
‘Chaith mé dhá bhliain ansiúd agus ghlac mé páirt i go leor seisiúin traenála ó pheirspictíocht Chiarraí,’ a dúirt McGuinness.

‘Bhíodh sé greannmhar uaireanta, mar nuair a thosaigh mé le Trá Lí, bhí go leor imreoirí againn a d’imir do Chiarraí agus a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1997, an bhliain a tháinig mé.’
D’fhoghlaim sé teicnící traenála ann – an druil phas dornála (fist-pass drill) agus an druil phas cic, thar 40 méadar ar 50 méadar.
D’fhoghlaim McGuinness freisin faoi ‘rith an tríú duine’ (third man runs).
‘Má labhraímid faoi ár DNA mar chluiche reatha, is é ‘rith an tríú duine’, tar éis pas cic, DNA Chiarraí. Is breá leo an liathróid a chiceáil agus tacaíocht nádúrtha a fháil ó imreoir eile a leanann an t-ionsaí.’
Ach ní scil amháin atá i gceist. Tá síceolaíocht ann freisin, dar le McGuinness.
‘Dúisímid ar an 1 Eanáir ag súil go n-éireoidh rudaí linn, go mbeidh móiminteam againn, go dtógfaimid foireann agus fuinneamh.
‘Ach dúisíonn Ciarraí agus Baile Átha Cliath ar an 1 Eanáir agus mura bhfuil an bua acu i gCraobh na hÉireann, beidh díomá orthu. Mar sin, beidh sé deacair dár bhfir an meon sin a shárú – sin an rud a bheidh rompu nuair a chaithear an liathróid isteach,’ a deir McGuinness.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.