Ba é Micko a cheap stíl McGuinness, a deir Spillane

22/02/2024

Deir Pat Spillane gur úsáid bainisteoir clúiteach Chiarraí sna 1970idí Mick O’Dwyer stíl peile ‘The System’ roimh McGuinness.

Tá diúltaithe ag Pat Spillane don smaoineamh gur thug Jim McGuinness teaicticí nua ‘pressing’ don pheil Ghaelach – agus dúirt sé go raibh Mick O’Dwyer ag cóitseáil a fhoirne Ciarraí sna 1970idí ar an mbealach céanna.

Tá McGuinness ar ais i gceannas ar Dhún na nGall don dara huair, tar éis dó a bheith ina bhainisteoir ar an gcontae ó 2010 go dtí 2014 ar dtús.

Le linn a thréimhse mar bhainisteoir ar Dhún na nGall bhuaigh McGuinness an dara cluiche ceannais Chraobh na hÉireann riamh, agus bhuaigh siad trí chraobh de Chúige Uladh.

Jim McGuinness
Jim McGuinness

Bhí go leor díospóireachta faoi stíl imeartha Dhún na nGall i seachtainí tosaigh a bhfeachtas sa tSraith Náisiúnta, agus fir Thír Chonaill ag fáil trí bhua as trí chluiche i Roinn a Dó go dtí seo. Agus beidh siad ag imirt in aghaidh Ard Mhacha (Armagh) Dé Sathairn ag 3pm i gcluiche a thaispeánfar ar an Seinnteoir (Player) BBC.

Sa chéad seal le McGuinness i gceannas, d’éirigh sé thar a bheith deacair an bua a fháil in aghaidh Dhún na nGall mar gheall ar an teaictic ‘The System’.

Is socrú é sin ina n-imeodh na tosaithe (forwards) ar ais chun cuidiú leis an gcosaint (defence) go mór mór nuair a bhí an liathróid ag foireann an fhreasúra (opposition).

Ansin nuair a bheadh an liathróid ag Dún na nGall, bheadh beagnach gach duine san fhoireann páirteach in ionsaí (attack).

Sin mar a d’imir siad le McGuinness mar bhainisteoir ag an am.

An uair seo tá an chuma ar an scéal go bhfuil an bhéim ar an liathróid a bhuachan sna ceantair ionsaithe, seachas ar an gcur chuige cosanta a bhí ann roimhe seo, a chiallaigh go mbeadh imreoirí Dhún na nGall ag fanacht ar imreoirí an fhreasúra ionsaí a dhéanamh agus ansin iarracht a dhéanamh iad a choinneáil amach.

Cáineadh an stíl imeartha sin toisc go raibh sé leadránach (boring) féachaint air agus ní raibh mórán scileanna peile ag éileamh air.

Dúirt Spillane go raibh an cur chuige cosúil leis an tactic ‘gegenpressing’ a d’úsáid bainisteoir Learpholl Jurgen Klopp, ach ansin dúirt sé gur bhain bainisteoir iontach Chiarraí Mick O’Dwyer úsáid as an gcóras den chéad uair chomh fada ó shin leis na 1970idí, nuair a bhuaigh Ciarraí go leor trófaithe faoina stiúir.

Pat Spillane
Pat Spillane

Ina cholún sa Sunday World, dúirt Spillane: ‘Tá an messiah, Jim McGuinness, ar ais.

‘Is é an nuálaíocht is déanaí atá aige ná tabhairt isteach tactic gegenpressing Jurgen Klopp don pheil Ghaelach.

‘Ní theastaíonn uaim an scéal a mhilleadh, ach bhí Mick O’Dwyer á dhéanamh seo sna 1970idí.

‘Agus an liathróid ag an Foireann eile, bhí gach duine ina chosantóir agus nuair a bhí seilbh againn air, bhí gach duine ina ionsaitheoir.’

Thug Spillane, a bhuaigh ocht mbonn Chraobh na hÉireann, foláireamh freisin go bhfuil ‘go leor oibre le déanamh’ ag McGuinness lena fhoireann agus dúirt sé ansin go bhfuil amhras air an bhfuil an scuad reatha ‘chomh cumasach le himreoirí 2011’.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram