Pobal CLG i gCluain Tarbh faoi bhrón tar éis bás Oisín Hoy i mBolaiv, fear a rinne an ‘saol níos gile’

Brón ó chroí do theaghlach Oisín Hoy, de chuid CLG Chluain Tarbh, a fuair bás i dtimpiste gluaisteáin i mBolaiv

Cuimhnítear ar Oisín Hoy, fear óg Éireannach a fuair bás i ndiaidh timpiste i mBolaiv, mar dhuine a rinne saol gach duine ‘beagán níos gile’.

Fuair Oisín, as Cluain Tarbh (Clontarf) i mBaile Átha Cliath, bás i dtimpiste carr an tseachtain seo caite.

Ba bhall dílis de chlub CLG Chluain Tarbh é Oisín, agus tháinig sé ó theaghlach mór le rá sa chlub
Ba bhall dílis de chlub CLG Chluain Tarbh é Oisín, agus tháinig sé ó theaghlach mór le rá sa chlub

Bhí Oisín sna tríochaidí agus bhí sé ag taisteal i gcarr 4×4 nuair a thiontaigh (overturn) an carr i réigiún Potosí.

Ba bhall dílis de chlub CLG Chluain Tarbh é Oisín, agus tháinig sé ó theaghlach mór le rá sa chlub.

Tá a athair Kevin ina leas-chathaoirleach agus tá a mháthair Mary ar an choiste.

Tharla an timpiste tráthnóna Dé hAoine nuair a bhí seachtar ag taisteal sa Toyota Land Cruiser
Tharla an timpiste tráthnóna Dé hAoine nuair a bhí seachtar ag taisteal sa Toyota Land Cruiser

D’imir a dheartháir Peter agus a dheirfiúracha Niamh agus Caoimhe leis an gclub freisin.

Dúirt cathaoirleach an chlub, Brendan Doody, go raibh brón mór ar gach duine nuair a chuala siad faoin scéal.

‘Duine dearfach a bhí in Oisín i gcónaí, le gáire ar a aghaidh agus fuinneamh mór aige,’ a dúirt sé.

Chuir an Teachta Dála áitiúil, Barry Heneghan, a chomhbhrón in iúl
Chuir an Teachta Dála áitiúil, Barry Heneghan, a chomhbhrón in iúl

‘Bhí sé níos mó ná peileadóir — ba thaistealaí mór é a raibh suim mhór aige i gcultúir eile agus sna daoine a bhuail sé leo.’

Tharla an timpiste tráthnóna Dé hAoine nuair a bhí seachtar ag taisteal sa Toyota Land Cruiser.

Gortaíodh cúigear eile — beirt as an mBolaiv, beirt Ghearmánacha agus fear ón Ísiltír.

Dúirt póilíní áitiúla go raibh luas an chairr ró-ard, agus go raibh duine de na turasóirí ag tiomáint chun físeán a dhéanamh.

Chuir an Teachta Dála áitiúil, Barry Heneghan, a chomhbhrón in iúl.

‘Bhí sé níos mó ná peileadóir — ba thaistealaí mór é a raibh suim mhór aige i gcultúir eile agus sna daoine a bhuail sé leo'
‘Bhí sé níos mó ná peileadóir — ba thaistealaí mór é a raibh suim mhór aige i gcultúir eile agus sna daoine a bhuail sé leo’

 ‘Ba dhuine croíúil, fuinniúil é Oisín a d’fhág lorg ar gach duine a casadh air,’ a dúirt sé.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag cabhrú leis an teaghlach faoi láthair.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram