

Tá margadh nua i mBaile Átha Cliath – Priory Market – le blas na cathrach agus cultúrtha idirnáisiúnta. Cad is brí le sin dúinn?
Tógann náisiúin ionsaitheacha agus míleata ‘cenotaphs’ agus caisleáin chun a láithreacht a léiriú – ach i gcathracha móra na hEorpa, na Meánmhara agus an Oirthir, is comhartha fíor sibhialtachta é an margadh bia.

Tá Le Boqueria ag Barcelona, tá margadh cáiliúil Tsukiji Outer ag Tóiceo agus, ar ndóigh, tá an English Market ag Corcaigh.
Agus anois tá a mhargadh bia faoi dhíon féin ag Baile Átha Cliath, áit chun Pike Place i Seattle agus Borough Market i Londain a mheaitseáil – agus tá sé i bpobal rathúil, boihéimeach (bohemian)shráidbhaile Thamhlachta (Tallaght).
D’oscail Priory Market Dé Céadaoin, le fócas ar bhia, deochanna, caife agus cultúr.
Tá 12 díoltóir bia neamhspleách agus ceardaíochta á reáchtáil go háitiúil sa spás le bia a dhéantar go saineolach ó chócairí áitiúla agus idirnáisiúnta.
Chomh maith le miasa is ansa le daoine ar nós píotsa ó Coke Lane agus miasa úr-ghríoscáilte ag an Fiery Pit, faoi stiúir cheannaire Bia an Priory Market, an cócaire Ros Mooney, gheobhaidh tú meascán éagsúil domhanda.
Tá na blasanna idirnáisiúnta foirfe don phobal idirnáisiúnta atá ag fás i dTamhlacht, áit a bhfuil tú cinnte go gcloisfidh tú neart teangacha agus, ar ndóigh, tá Aon Scéal, an caifé coitianta do chainteoirí Gaeilge, gar dó.
I measc na ngnólachtaí cultúrtha i Priory Market tá bia Meicsiceach ó El Milagro, gnó teaghlaigh, faoi stiúir Julian Trejo Pascual agus a mháthair Maribel, agus Buongusto, le bia traidisiúnta Iodálach, pasta úr-dhéanta agus milseáin réigiúnacha.
Is gnó Indiach teaghlaigh é Delhi2Dublin a sholáthraíonn bia sráide Indiach déanta as a n-oidis teaghlaigh féin.
Cuireann Park 27 bia sráide spreagtha ag an Áise ar fáil, agus cuireann Mama’s Boy Rory bia ceardaíochta ar fáil mar cheapaire Vítneamach ‘Banh-Mi’.
Bunaíodh Seoul Kitchen sa bhliain 2016 agus ba é an chéad stalla margaidh bia Cóiréach in Éirinn é agus tá siad ag fás fós.
Maidir le bia sráide Mheiriceá Laidinigh, tá Flavouritos ann, agus le haghaidh píotsaí le difríocht, mar a dúirt mé, tá Coke Lane Pizza ann.
Freastalaíonn Zaira bia na Liobáine, agus tá bia ag Bless Up leis an mblas sainiúil Afra-Chairibeach sin, amhail rís jollof na Nigéire, shawarma, rís Cairibeach agus piseanna.
Agus le hól tá Tank Bar ann a fhreastalaíonn beoir díreach ón ngrúdlann ar an láthair, agus dúiseoidh Priory Coffee Roasters thú. Agus is féidir leat scíth a ligean le cocktail agus taitneamh a bhaint as an mbarra caife agus fíona.
Agus tar éis sin go léir tagann milseog. Is gnó uachtar reoite teaghlaigh é Cafollas atá cáiliúil as a gcuid sundaes agus babhlaí acai.
Agus mura leor sin, beidh róstlann caife istigh ann freisin agus mol cultúrtha inar féidir le bia, deoch agus ceol teacht le chéile.

Deir John Kearns, Príomhfheidhmeannach Partas, go bhfuil an eagraíocht tiomanta do fhiontar áitiúil agus forbairt eacnamaíoch a chothú i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, agus go bhfuil sé mar aidhm acu sráidbhaile Thamhlachta a athbheochan, rud a fhágann gur ceann scríbe é do lucht leanúna bia ar fud na cathrach.
Tá an margadh bia idirnáisiúnta foirfe ag Baile Átha Cliath faoi dheireadh a oireann don aimsir in Éirinn – tá sé faoi dhíon.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.