

Ní taraifí Trump ach níos mó imeachtaí cosúil le Stoirmeacha Darragh agus Stoirm Éowyn a scriosfaidh sochaí na hÉireann, de réir tuarascála nua ón EPA.
Déanfaidh gaotha láidre, tuilte agus teas dian damáiste mór do gheilleagar na hÉireann sna deich mbliana amach romhainn.
Cé go bhfuil imní ar eacnamaithe agus ar pholaiteoirí faoi Donald Trump, is í an aimsir a dhéanfaidh an damáiste is mó, de réir na tuarascála nua.

Seo an chéad mheasúnú cuimsitheach ar an gcaoi a mbeidh tionchar ag an téamh domhanda (global warming) ar ár saol sna blianta amach romhainn.
Ag an am céanna a nocht 7Lá ar TG4 an costas ollmhór a bhí ag Stoirm Éowyn ar cheantair ar fud na tíre, thug an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) rabhadh faoi 115 riosca do shochaí na hÉireann de bharr athruithe san aimsir.
Is féidir linn a bheith ag súil le himeachtaí aimsire níos díobhálaí cosúil le Stroim Éowyn agus rachaidh siad in olcas go dtí 2030, 2050 agus 2100.
Beidh tionchar ar fhuinneamh, iompar, cumarsáid, córas uisce, sláinte phoiblí, táirgeadh agus soláthar bia, agus éiceachórais na tíre.
Dúirt sé go bhfuil gá le gníomh práinneach sna cúig bliana amach romhainn mar gheall ar an damáiste a dhéanfaidh gaotha láidre dár líonra cumarsáide agus dár soláthar fuinnimh.
Beidh ar an Rialtas infheistíocht a dhéanamh i bhfoirgnimh, i gcrainn agus sa chóras iompair freisin chun an damáiste a dhéanann na gaotha láidre a theorannú.

Beidh orthu infheistíocht a dhéanamh i dtacaíochtaí ar fud na tíre freisin mar gheall ar chreimeadh cósta agus tuilte cósta.
Dúirt Laura Burke, stiúrthóir ginearálta EPA: ‘Tá a fhios againn go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide ar Éirinn cheana féin.
‘Léirigh imeachtaí le déanaí, amhail Stoirm Darragh agus Stoirm Éowyn, conas a bhíonn tionchar ag damáiste do bhonneagar ríthábhachtach, amhail fuinneamh, soláthar uisce, líonraí iompair agus cumarsáide, ar shláinte an duine, ar bhithéagsúlacht agus ar an gcóras airgeadais.’
Thug an EPA rabhadh go méadóidh athruithe aeráide an gá atá le caiteachas Rialtais ar bhonneagar; go dtiomáinfidh siad suas costais árachais; laghdódh sé íocaíochtaí cánach don Stát agus chuirfeadh sé isteach ar ghnólachtaí.
Bheadh rioscaí suntasacha dár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach mar thoradh ar mhéaduithe ar bháisteach agus tuilte.

Beidh traochadh teasa, stróc teasa agus díhiodráitiú mar thoradh ar theas foircneach (extreme), agus leathnóidh teochtaí níos teo scaipeadh galair.
Beidh tionchar ag an bhfiadhúlra freisin, le riosca méadaitheach dóiteáin fhoraoise, agus cáilíocht uisce úr ag dul in olcas mar gheall ar thuilte agus triomach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.