Tá foláirimh phráinneacha (urgent) eisithe ag Met Éireann don tír ar fad gur dócha go ndéanfaidh Stoirm Jocelyn níos mó damáiste fós i ndiaidh Stoirm Isha.
Agus an náisiún fós ag glanadh suas agus na mílte gan chumhacht i ndiaidh Stoirm Isha, a tharla oíche Dé Domhnaigh, tá Éire ag réiteach le tuilleadh coinníollacha contúirteacha (dangerous conditions).
Fuair triúr bás ar na bóithre le linn Stoirm Isha. I gCo. Lú (Louth), fuair bean ina 20idí bás tar éis timpiste; fuair fear ina 60í bás i dtimpiste i gCo Dhoire (Derry); agus fuair fear ina 40idí bás i dtimpiste i gCo Mhaigh Eo (Mayo).
Chaill 235,000 teach ar fud an Stáit cumhacht mar thoradh ar an stoirm agus bhí 68,000 gan chumhacht fós faoi 9in Dé Luain. Bhí 13,000 teach fós gan chumhacht sa Tuaisceart. D’eitil trampoline agus bhuail sé isteach i roinnt carranna i Ráth Cúil (Rathcoole) i mBaile Átha Cliath le linn Storm Isha
Tá dhá rabhadh nua Stádas Oráiste eisithe ag Met Éireann faoi ghaotha láidre.
Tá rabhadh Stádas Oráiste do Dhún na nGall maidir le gaotha láidre ó 6in Dé Máirt go dtí 2rn Dé Céadaoin, agus tá rabhadh Stádas Oráiste do Mhaigh Eo agus na Gaillimhe i bhfeidhm go dtí meán oíche Dé Máirt.
Dúirt urlabhraí de chuid Met Éireann: ‘Tabharfaidh Stoirm Jocelyn gaotha an-láidir le séideáin dhian agus millteach.
‘Beidh tonnta móra cósta, coinníollacha taistil an-deacair, crainn tite, damáiste do línte cumhachta agus damáiste do struchtúir atá lag cheana féin.’
Idir an dá linn, tá Liatroim agus Sligeach faoi rabhadh gaoithe Stádas Buí ó 12in Dé Máirt go dtí 5rn maidin Dé Céadaoin.
Tá an Clár, Ciarraí, Gaillimh, Maigh Eo faoi Stádas Rabhadh gaoithe Buí ó 12in Dé Máirt go dtí 2rn Dé Céadaoin, agus tá Rabhadh gaoithe Buí do Chúige Laighean ar fad, an Cabhán, Muineachán, Corcaigh, Luimneach, Tiobraid Árann, Port Láirge agus Ros Comáin (Leinster, Cavan, Monaghan, Cork, Limerick, Tipperary, Waterford agus Roscommon). Tá sé i bhfeidhm ó 5in Dé Máirt go dtí 5rn Dé Céadaoin.
Sa Tuaisceart, tá rabhadh Buí le gaoithe láidre eisithe ag oifig mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe (UK Met Office) d’Aontroim, Ard Mhacha, Doire, an Dún, Fear Manach agus Tír Eoghain (Antrim, Armagh, Derry, Down, Fermanagh agus Tyrone), na Sé Chontae ar fad, ó 4in Dé Máirt go dtí 12in Dé Céadaoin.
Dúirt Brian Tapley ón ESB Networks le Nuacht RTÉ: ‘Is dócha go bhfuil Stoirm Isha sna cúig stoirm is measa i dtéarmaí an tionchair ar an líonra a bhí againn le 10 mbliana anuas.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.