Ardóidh an teocht beagán … ach tá stoirm ollmhór ag teacht

18/01/2024

Táthar ag súil go laghdóidh an t-oighear agus an teocht fuar Dé hAoine ach tiocfaidh stoirm ag an deireadh seachtaine le báisteach throm

Táthar ag súil go dtiocfaidh stoirm ollmhór go hÉirinn an deireadh seachtaine seo agus beidh an teocht go dtí sin, tar éis titim go -7C cheana féin i rith na seachtaine.

Tá Éire faoi Chomhairliúchán Aimsire (Weather Advisory) ó Met Éireann le seachtain anuas, le haer Artach (Artic air) ag tabhairt meascán de shioc géar (sharp frost), oighear ar bhóithre agus ar chosáin (footpaths) agus sneachta i gcodanna áirithe den tír.

Tiocfaidh stoirm ollmhór go hÉirinn ag an deireadh seachtaine
Tiocfaidh stoirm ollmhór go hÉirinn ag an deireadh seachtaine

Agus an Comhairliúchán Aimsire i bhfeidhm go dtí 12pm Dé hAoine, táthar ag súil go gcuirfidh na coinníollacha geimhridh isteach ar dhaoine go dtí an deireadh seachtaine.

Mar sin féin, táthar ag súil go mbeidh an stoirm ina dhiaidh sin thar an deireadh seachtaine.

Tá Éire ar fad faoi rabhadh Stádas Buí le teocht íseal agus oighir go dtí tráthnóna Déardaoin. Bhíothas ag súil go dtiocfadh deireadh leis Dé Céadaoin ach chuir Met Éireann agus  an UK Met Office síneadh 24 uair an chloig leis.

Tá Éire ar fad faoi rabhadh Stádas Buí le teocht íseal agus oighir go dtí tráthnóna Déardaoin
Tá Éire ar fad faoi rabhadh Stádas Buí le teocht íseal agus oighir go dtí tráthnóna Déardaoin

Chomh maith leis sin tá Dún na nGall, Liatroim, Maigh Eo agus Sligeach faoi rabhadh Stádas Buí le teaocht íseal agus le sneachta agus oighear go dtí 6in (6pm)  tráthnóna Déardaoin.

Dar le Alan O’Reilly ó Carlow Weather, a luaithe is a bheidh an chuid is measa de na coinníollacha fuar imithe agus an aimsir níos séimhe anseo, tá súil le ‘stoirm ollmhór’ Dé Domhnaigh.

‘Beidh sioc an-chrua ann oíche Dhéardaoin agus fanfaidh sé an-fhuar.’

‘Beidh sioc an-chrua ann oíche Dhéardaoin agus fanfaidh sé an-fhuar.’
‘Beidh sioc an-chrua ann oíche Dhéardaoin agus fanfaidh sé an-fhuar.’

Dúirt sé go raibh an chéad leath den gheimhreadh éadrom. Ní raibh mórán ceathanna sneachta ann. Mar sin féin, beidh athrú drámata ann don deireadh seachtaine.

‘Mura dtaitníonn an aimsir fhuar leat, is dea-scéal é, ach mura dtaitníonn an bháisteach leat ní droch-scéal é.

‘Tá stoirm ollmhór romhainn Dé Domhnaigh, gaotha  an-láidir agus báisteach an-trom,’ a dúirt an tUasal O’Reilly le Clare Byrne ar RTÉ Raidió a hAon.

Dúirt sé freisin: ‘Bhí geimhreadh fíor-shocair againn go dtí seo. Bíonn an chuid is mó daoine sásta go leor nuair a bhíonn sé fuar agus tirim, agus nuair a bhíonn spéir ghorm dheas ann, ach is dócha gurb é costas an téimh an cheist is mó.’

Ag breathnú ar aghaidh go dtí tús mhí Feabhra, thug an tUasal O’Reilly faoi deara go bhféadfadh ‘córas ardbhrú (high-pressure) eile a bheith ag Éirinn ag tús mhí Feabhra’ a bhféadfadh ‘tráth fuar eile’ a bheith mar thoradh air.

Scéalta Gaeilge ar ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram