Mí-úsáid cócaon agus drugaí eile mar a bhí sé le linn an ‘Celtic Tiger’

28/05/2025

Deir saineolaithe gur cultúr alcóil is cúis le méadú ollmhór ar úsáid drugaí cosúil le cócaon, go háirithe i measc na mban

De réir figiúirí nua ón mBord Taighde Sláinte, fuair 13,295 duine cóireáil i 2024 mar gheall ar mhí-úsáid drugaí cosúil le cócaon – an líon is airde riamh. 

Bhí cócaon freagrach as beagnach leath de na cásanna seo.

Tá líon na mban a lorgaíonn cóireáil don druga cócaon ardaithe 426% go 1,494 cás anuraidh
tá líon na mban a lorgaíonn cóireáil don druga cócaon ardaithe 426% go 1,494 cás anuraidh

Ó 2017 i leith, tá méadú 250% tagtha ar líon na ndaoine a fhaigheann cóireáil le cócaon mar phríomhfhadhb acu.

Agus tá líon na mban a lorgaíonn cóireáil don druga cócaon ardaithe 426% go 1,494 cás anuraidh.

Dúirt an tOllamh Colin O’Gara, síciatraí comhairleach ag Ospidéal Naomh Eoin Dé, go bhfuil an méadú scanrúil, ach go bhféadfadh ‘deis dearfach’ a bheith ann.

‘Is rud maith é go bhfuil níos mó mná ag fáil cóireála,’ a dúirt sé.

‘Tá sé níos deacra dóibh seirbhísí a fháil mar gheall ar an náire a bhaineann le húsáid drugaí.’

Dúirt sé gur sháraigh úsáid chócaoin an leibhéal ba mhó a chonacthas le linn ré an Tíogair Cheiltigh.

‘Nuair atá an geilleagar láidir, bíonn cócaon láidir freisin,’ a dúirt sé.

‘Tá sé glanaithe i súile an phobail, go háirithe i measc daoine óga. Ach is féidir leis stróc, fadhbanna croí agus fadhbanna néarógacha a chruthú.’

Taispeánann an tuarascáil Drug Treatment Demand in Ireland 2024 méadú 300% ar dhaoine ag filleadh ar chóireáil le cócaon mar phríomhfhadhb – ó 692 i 2017 go 2,764 i mbliana.

Chuir an tOllamh O’Gara an milleán ar chultúr na dtithe tábhairne agus an meisceoireacht leanúnach in Éirinn, ag rá: ‘Is é an geata chuig na drugaí go léir ná an t-alcól.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram