Lucht Lú le bua mór: Seaimpíní Laighean tar éis 68 bhliain ag feitheamh

Bhuaigh an Mhí i gcoinne Bhaile Átha Cliath ach níorbh fhéidir leo stop a chur le Lú ó bheith ina seaimpíní ar Laighin. Tuairisc: Aoife Ní Bhraoin

Tháinig os cionn seasca hocht míle duine ar Pháirc an Chrócaigh chun an cluiche Ceannais Shinsir Peile Laighean 2025 a fheiceáil.

Bhí gach duine ag buzzáil chun cluiche thar barr a fheiceáil. Agus fuair siad é sin.

Bhí an Mhí ag iarraidh leas a bhaint as an mbua a bhí acu sa chluiche leathcheannais. Bhuaigh siad in aghaidh Bhaile Átha Cliath a bhí cumhachtach go leor tráth chun Corn Delaney a bhaint amach.

Conor Grimes
Conor Grimes

Bhí Lú ag lorg díoltais, cúig bliana déag ón gcailliúint chonspóideach a bhí acu in aghaidh na Mí. Ar an talamh céanna. Agus na geallta céanna.

Bá é Sam Mulroy, príomh imreoir dóibh. Ní raibh cluiche foirfe aige. Ach bhí sé ina cheannaire ar an bpáirc in ainneoin seo.

Léirigh sé neart meabhrach dochreidte. Bhí sé tiomanta don chúis. Scóráil sé cic pionóis díreach an marc fiche nóiméad chun an cluiche a thabhairt go cúig phointe an ceann.

Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin tháinig cúl iontach ó Ryan Byrnes, a chuir Lú chun tosaigh.

Bhí an chéad leath gar ar an iomlán. Bhí na foirne cothrom cúig huaire laistigh de 30 nóiméad.

Faoin tríú nóiméad is tríocha bhí seacht bpointe scóráilte ag an Mhí gan freagra.

Mar sin féin, bhí cosaint na Mí neamhsheasmhach i rith an chluiche. Faoin tríú nóiméad is tríocha bhí seacht bpointe scóráilte ag an Mhí gan freagra.

Tar éis ceithre nóiméad is tríocha rith an ‘All Star’ Craig Lennon díreach trí chosaint na Mí chun an dara cúl a scóráil ag Lú. Léirigh sé scil iontach.

Chríochnaigh an chéad leath le dhá phointe chun tosaigh don Mhí.

Bhí sé sin méadaithe go dtí ceithre phointe chun tosaigh faoin dara nóiméad daichead.

Ach, thug pointe iontach Sam Mulroy na foirne cothrom tar éis caoga a dó nóiméad.

Bhí Matthew Costelloe beagnach ag briseadh aislingí Lú. Scóráil sé cúl iontach tar éis seasca a haon nóiméad. Bhí an Mhí i gceannas ar phointe amháin. Nocht sé seo laige mhór i gcosaint Lú.

Scóráil Sam Mulroy agus Craig Lennon an dá phointe chinniúnacha, agus tar éis ocht mbliana is seasca, bhuaigh siad an Corn Delaney.

Bhí 3-14 ag Lú agus 1-18 ag An Mhí.

Ger Brennan, bainisteoir Lú
Ger Brennan, bainisteoir Lú

Chuaigh Páirc an Chrócaigh ar mire nuair a chuir an bonnán deireadh an chluiche in iúl.

Bua tuillte go maith a bhí ann. Caithfear an-chreidiúint a thabhairt don bhainisteoir  Ger Brennan a rinne difríocht mhór.

Bronnadh Corn Delaney ar Sam Mulroy, a d’ardaigh an trófaí go hard os cionn a chinn le háthas agus faoiseamh.

Cluiche iomaíoch a bhí ann nach ndéanfaidh lucht tacaíochta CLG dearmad air go luath.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram