Seans go bhfuil an pointe in easnamh orthu siúd a deir go bhfuil aincheist (dilemma) ag Mickey Harte anois tar éis dó seilbh a ghlacadh mar bhainisteoir ar Dhoire.
Is é an aincheist sin, a deirtear, go mbeidh sé deacair ar Harte ceannasaíocht a dhéanamh ar Dhoire i gcoinne a fhoireann baile, Thír Eoghain.
Is é sin toisc go bhfuil Tír Eoghain ar an bhfoireann a d’éirigh leis Craobh na hÉireann a bhuachan leis, agus is iad Doire a n-iomaitheoirí.
Tá Doire mar a chéile ag Tír Eoghain agus atá Corcaigh ag Ciarraí nó – mar a dúirt iar-réalta Thír Eoghain Eoin Mulligan ar na meáin shóisialta – mar a chéile is atá Rangers do Celtic. Agus chuaigh Mulligan níos faide, ag léiriú Braveheart féin.
Ach b’fhéidir nach é dílseacht dá sheanchontae atá i gcroílár Harte. Go deimhin b’fhéidir go mothaíonn sé gur Wallace é féin le Tír Eoghain mar Robert de Bruce.
Bhí bliain sa bhreis i gceannas ag teastáil ó Harte in 2020 agus chuir sé an milleán ar Covid as nach raibh a chuid imreoirí réidh.
Bhí cúis mhaith aige leis an argóint sin a dhéanamh agus bhí ionadh ar go leor nuair nár thug ceannairí Thír Eoghain an seans dó.
Dúirt Harte ag an am: ‘Bhraith mé, má thógann tú sé mhí as aon bhliain agus má chuireann tú san áireamh impleachtaí Covid, go raibh sé mhí díomhaoin againn.’
Caithfidh gur bhraith sé freisin go ndeachaigh an ghlóir dá chuid oibre crua do dhaoine eile nuair a bhuaigh Tír Eoghain Craobh na hÉireann bliain ina dhiaidh sin in 2021.
Tar éis dó dul isteach i Lú chun tosaigh ar fheachtas 2021, chabhraigh Harte leis an bhfoireann ardú céime a fháil ó Roinn 4 faoi dhó sular chríochnaigh siad sa tríú háit i Roinn 2 an séasúr seo caite, chomh maith le cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Laighean in aghaidh Bhaile Átha Cliath.
Beidh an chaint ar fad faoi Chúige Uladh anois agus an iomaíocht idir Jim McGuinness le Dún na nGall agus Mickey Harte le Doire; ach tá na cluichí ar fad fós le himirt.
Tá mothúcháin láidir i ngach club i ngach ceann den 32 contae, an t-aon difríocht amháin le contaetha Uladh ná nach mbraitheann siad go bhfuil gá lena gcur i bhfolach.
Léigh a bhfuil le rá ag fear Dhoire, Joe Brolly, faoi Harte ag dul go Doire agus seans tromchúiseach aige foireann a tháirgeadh chun an bua a fháil in aghaidh Chiarraí agus Bhaile Átha Cliath agus Sam Maguire a thabhairt abhaile.
‘Cad é sa f**k féin,’ a dúirt Brolly ar dtús sular chuir sé leis: ‘Is é seo an rud is measa a tharla do Dhoire ón phlandáil.’
Ag an am céanna is iad imreoirí óg a Chontae Lú atá thíos leis mar gheall ar chinneadh Harte dul go Doire.
Bheadh sé íorónta (ironic) dá mbeadh na himreoirí sin ag dul ar aghaidh mar gheall ar a gcuid oibre crua féin – agus mar gheall ar obair chrua Mickey Harte thar trí bliana – agus a bheith mar fhoireann chun dúshlán a thabhairt do na contaetha móra.
Dá dtarlódh sé sin agus mura ndéanfadh Doire an rud a bhfuiltear ag súil leis uathu faoi Harte, d’fheicfeadh Harte go bhfuil daoine eile ag fáil an ghlóir as a chuid oibre crua – don dara huair.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.