

Gan ach trí bliana fágtha aige go dtí an aois scoir thraidisiúnta, tá Tom Cruise fós ag crochadh ó eitleáin agus ag déanamh gníomhartha dána – le cuidiú ón bhricfeasta ‘ful Irish’ de réir dealramh.
Tá Cruise 62 bliain d’aois, ach níl sé ag éirí níos moille! Tá sé fós ag déanamh a chuid stunts féin sna scannáin mhóra aicsin, cosúil leis an tsraith cháiliúil Mission: Impossible.
Sa scannán nua, Mission: Impossible – The Final Reckoning, feicimid Cruise ag crochadh ó sciatháin eitleáin ó na 1940idí. Beidh an scannán sa phictiúrlann ar an 21 Bealtaine.

Ach cén rún atá aige chun na gníomhartha contúirteacha seo a dhéanamh fós?
Agus an bhfuil an freagra le fáil in alt a d’fhéadfadh sé a bheith léite aige in ExtraG Gach Seachtain!
Deir sé go dtosaíonn sé le bricfeasta mór – mar an ‘full Irish’.
Dúirt sé le People magazine: ‘Ithim bricfeasta ollmhór. Bíonn an oiread sin fuinnimh de dhíth orm – traenálaim go dian don tsiúlóid ar sciatháin.’
Dúirt sé go n-itheann sé ispíní, beagnach dosaen uibheacha, bagún, tósta, caife agus leachtanna gach maidin. ‘Tá sé fuar thuas san aer, agus bím ag dó go leor calraí.’
Agus i mí Eanáir, d’fhoilsigh ExtraG alt a léirigh buntáistí an ‘full Irish’, dar le heolaithe.
Dúirt na heolaithe gur féidir leis an ‘fry-up’ a bheith níos cothaithe (nutritious) ná bricfeasta faiseanta mar granola agus iógart le torthaí.
Tá bricfeasta ‘full Irish’ lán le próitéin, vitimíní agus cothaithigh (nutrients), a deir na saineolaithe.
Agus coimeádfaidh sé lán tú níos faide ionas nach leanfaidh tú ag ithe sneaiceanna (snacks).
Tá sé go maith freisin do d’inchinn, tá sé léirithe ag an taighde is déanaí.
I gcodarsnacht (contrast) leis an ‘full Irish’, de réir taighde, tá go leor roghanna bricfeasta sláintiúil, ar bheagán saille (low-fat) nó orgánacha mar a thugtar orthu pacáilte le siúcra, síoróip arbhair (corn syrup) agus dlúthán torthaí (fruit concentrate).
Dúirt saineolaithe go bhfuil carbaihiodráití casta agus saillte sláintiúla i mbéilí maidine cócaráilte a chabhraíonn linn an lá ar fad a chothú.
Tá Cruise ag déanamh stunts ó bhí sé óg.
Tá grá aige do na dúshláin mhóra, agus níor stop sé riamh, agus beidh lucht leanúna ag tnúth le scannán nua.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.