Tá praghsanna bia ag ardú agus ag brú suas boilsciú (inflation) in Éirinn

Tá praghsanna grósaeireachta ag ardú níos tapa ná an bhliain seo caite, le boilscithe (inflation) sna siopaí ag 4.5%

Tháinig méadú 2% ar an mboilscithe (inflation) sa tréimhse 12 mhí go dtí mí Aibreáin i mbliana, príomhdhe bharr ardú i bpraghsanna bia.

Léiríonn na sonraí is déanaí ón Lár-Oifig Staidrimh go raibh ardú beag sa chostas maireachtála, mar go raibh an ráta do na 12 mhí go Márta ag 1.8%.

In Éirinn, meastar gur mhéadaigh praghsanna bia 0.6% i mí Aibreáin agus 3.1% le bliain anuas
In Éirinn, meastar gur mhéadaigh praghsanna bia 0.6% i mí Aibreáin agus 3.1% le bliain anuas

Is cuid é seo den Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna Tomhaltais (HICP) a léiríonn go raibh an ráta boilscithe sa limistéar euro ag 2.2% i Márta.

In Éirinn, meastar gur mhéadaigh praghsanna bia 0.6% i mí Aibreáin agus 3.1% le bliain anuas.

I gcodarsnacht, meastar gur thit praghsanna fuinnimh 0.3% sa mhí agus gur laghdaigh siad 1.7% le 12 mhí anuas.

Tá sé seo ag teacht le titim shuntasach i bpraghas ola ar an margadh domhanda.

Dúirt staidrimhí praghsanna ón CSO, Anthony Dawson, go raibh titim bheag i gcostais taistil – 0.1% don mhí – ach gur mhéadaigh siad 2.1% thar 12 mhí, de réir tuairisc san Irish Times.

Foilseofar an ráta boilscithe don limistéar euro i mí na Bealtaine, ach d’fhéadfadh sé a bheith faoi réir leasuithe.

Is é an HICP an t-innéacs a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh idir tíortha sa limistéar euro, ach is é an CPI (Innéacs Praghsanna Tomhaltais) an tomhas oifigiúil boilscithe in Éirinn.

Níos luaithe an mhí seo, thuairiscigh Kantar Worldpanel go raibh praghsanna grósaeireachta ag ardú níos tapa ná an bhliain seo caite, le boilscithe sna siopaí ag 4.5%.

food feat

Dúirt Emer Healy ó Kantar go bhfuil siopaí ag díriú ar cur chun cinn agus lascainí le custaiméirí a mhealladh, mar gheall ar chostas maireachtála níos airde.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram