

An samhradh seo, beidh ‘The Rocky Horror Show’ ar siúl sa Bord Gáis Energy Theatre, agus beidh an craoltóir cáiliúil Jennifer Zamparelli le feiceáil ar stáitse mar ‘The Narrator’.
Bhain Jennifer clú agus cáil amach in Éirinn as a cuid oibre ar ‘Republic of Telly’ agus ‘Bridget & Eamon’ ar RTÉ. Beidh sí ag glacadh páirt sa ‘Rocky Horror Show’ ón 11ú go dtí an 16ú Lúnasa 2025.

Beidh an t-aisteoir clúiteach as an Astráil, Jason Donovan, le feiceáil in éindí léi sa léiriúchán. Ghlac Donovan páirt mar Dr. Frank N’ Furter cheana féin agus bhí an-tóir ar an turas a rinne sé san Astráil in 2024.
Is é seo an chéad uair le fada an lá a bheidh an bheirt ar an stáitse le chéile – bhí siad le feiceáil sa dráma ‘Priscilla Queen of the Desert’ sa Bord Gáis Energy Theatre in 2013.
Ag labhairt di faoin seó, dúirt Jennifer, ‘Tá an-áthas orm a bheith mar an Narrator sa Rocky Horror Show nuair a thiocfaidh sé go Baile Átha Cliath i mí Lúnasa. Is dráma iontach, greannmhar, spleodrach é agus táim ag súil go mór le bheith ag obair leis an bhfoireann ar fad, go háirithe le mo sheanchara Jason Donovan!’

Tá scéal ‘The Rocky Horror Show’ bunaithe ar eachtraí Brad agus Janet, lánúin shimplí a thagann ar theach aisteach agus ar an Dr. Frank-n-Furter.
Tá clú agus cáil bainte amach ag an gceol sa dráma, cosúil leis na hamhráin ‘Sweet Transvestite’, ‘Dammit Janet’ agus ‘Time Warp’.
Tá ticéid ar fáil anois ó €35.00 (d’fhéadfadh táillí a bheith i gceist). Is féidir iad a cheannach ar Ticketmaster nó féachaint ar bordgaisenergytheatre.ie.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.