Enoch Burke: Cuir ar ais sa phríosún é má chuireann sé isteach ar ár scrúduithe, a deir an scoil

Dúirt an breitheamh le Enoch Burke: ‘Níl sé seo mar ardán agóide. Tá tú ag gníomhú cosúil le gasúr dána’

Dúirt iar-scoil Enoch Burke, Wilson’s Hospital School i gContae na hIarmhí, go gcuirfidh siad iarratas isteach chun é a chur ar ais i bpríosún má dhéanann sé cur isteach ar scrúduithe Stáit i mí Meitheamh, nó má thagann sé ar ais ar thalamh na scoile.

Thug an Breitheamh Ard-Chúirte David Nolan le fios le déanaí gur lean Enoch air ag cur isteach ar obair na scoile.

In ainneoin orduithe cúirte fanacht ar shiúl, tháinig Enoch Burke  ar ais go dtí an scoil beagnach gach lá ó 7 Márta
In ainneoin orduithe cúirte fanacht ar shiúl, tháinig Enoch Burke ar ais go dtí an scoil beagnach gach lá ó 7 Márta

Dúirt sé freisin gur iompair sé é féin sa chúirt mar ‘ghasúr dána’. Cuireadh Burke ar fionraí ó mhí Mheán Fómhair 2022, tar éis diúltú glaoch ar mhac léinn a bhí ag aistriú inscne le hainm agus forainm nua.

Deir Enoch nach féidir leis tacú le ‘polasaí trasinscneach’ mar go gcreideann sé go sáraíonn sé a chreideamh reiligiúnach agus a chearta faoi Bhunreacht na hÉireann.

In ainneoin orduithe cúirte fanacht ar shiúl, tháinig sé ar ais go dtí an scoil beagnach gach lá ó 7 Márta.

Ceapadh glacadóir an lá sin chun €80,000 i bhfíneálacha a bhaint as, de bharr neamhaird ar ordú cúirte gan dul ar thalamh na scoile.

Tá breis agus 500 lá caite ag Burke i bpríosún ó cuireadh ar fionraí é.

Dúirt príomhoide gníomhach na scoile, John Galligan, sa chúirt le déanaí go mbeidh an scoil ag iarraidh smacht dlí a úsáid ar bhealach réasúnta.

Ach má dhéanann Burke cur isteach ar scrúduithe nó ar obair na scoile arís, d’fhéadfadh an scoil iarratas a dhéanamh chun é a chur ar ais i bpríosún.

Tógadh €40,000 as cuntas bainc Burke go dtí seo, agus tá €1,500 bainte as a thuarastal ón Roinn Oideachais.

Cuireadh deirfiúr agus máthair Enoch amach as an gcúirt tar éis dóibh cur isteach a dhéanamh ar an éisteacht Pic Collins Courts
Cuireadh deirfiúr agus máthair Enoch amach as an gcúirt tar éis dóibh cur isteach a dhéanamh ar an éisteacht Pic Collins Courts

Dúirt Enoch gur in aghaidh a thola atá sé sa chúirt agus gur bréaga atá á rá faoi. Éilíonn sé nach ag déanamh agóide atá sé, agus go bhfuil sé ag seasamh lena chreideamh.

Dúirt an breitheamh leis díriú ar chostais dlí. Dúirt sé: ‘Níl sé seo mar ardán agóide. Tá tú ag gníomhú cosúil le gasúr dána.’

Cuireadh deirfiúr agus máthair Enoch amach as an gcúirt tar éis dóibh cur isteach a dhéanamh ar an éisteacht.

Leanfaidh an fíneáil €1,400 sa lá mura stopann Enoch ag freastal ar an scoil.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram