
Tar éis tréimhse fada i Liombó de bharr conspóide faoi ráiteas ciníoch, tá sé dearbhaithe anois ag an BBC go mbeidh Mrs Brown’s Boys ag filleadh don cúigiú séasúr níos déanaí i mbliana.
Chuaigh an clár, a chruthaigh Brendan O’Carroll agus ina bhfuil sé ag glacadh páirt mar Agnes Brown, ar sos tar éis dó jóc mí-oiriúnach a dhéanamh le linn léamh script don chlár speisialta Nollag. Bhí air leithscéal foirmiúil a ghabháil.

Deir an BBC anois go mbeidh an séasúr nua á thaifeadadh i nGlaschú, Albain, ag tosú i mí na Bealtaine.
I bpost ar líne dá lucht féachana, scríobh siad: ‘Tá Agnes Brown agus an ghrúpa as Fionnghlas ar ais! Beidh an mháthair is fearr in Éirinn ar ais le séasúr úrnua le na caraictéirí is fearr leat – bí réidh don chraic agus an ruaille buaille arís an earrach seo!’

Beidh an clár á thaifeadadh i stiúideonna BBC Scotland, agus craolfar é ar BBC One, BBC iPlayer agus RTÉ One. Beidh ticéid ar fáil tríd an gcóras crannchuir agus is féidir le daoine suas le dhá thicéad a lorg.
Tá sé beartaithe dhá eipeasóid a thaifeadadh gach Déardaoin idir an 1 Bealtaine agus an 22 Bealtaine.

Cad a tharla chun an clár a chur ar sos?
Le linn léamh don chlár Nollag, dúirt Brendan O’Carroll rud a bhí maslach – d’úsáid sé téarma ciníoch ar stáitse, agus chuir sé isteach go mór ar bhall óg den fhoireann.
D’éirigh an duine sin as an obair agus chuir an BBC stop leis an léiriúchán.
D’admhaigh Brendan, atá 69 bliain d’aois, gur theip ar an jóc agus ghabh sé leithscéal: ‘Iarracht chiotach a bhí ann greann a dhéanamh, ach gortaíodh daoine agus tá an-bhrón orm.’
Dúirt urlabhraí ón BBC: ‘Tá an BBC go láidir in aghaidh gach cineál ciníochais agus tá próisis daingne againn má tharlaíonn fadhbanna.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.