Aerspás na hÉireann seachanta ag Netanyahu

11/04/2025

Tugadh faoi dearadh gur sheachain Príomh Aire Iosrael aerspás na hÉireann, na hÍsiltíre agus na hÍoslainne nuair a bhí sé ag dul go Washington, ach cén fáth?

Le déanaí, nochtadh gur chuir Príomh Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, 400km breise lena thuras go Meiriceá le haerspás thíortha áirithe a sheachaint – Éire, an Ísiltír agus an Íoslainn.

Bhí Netanyahu ag taisteal go Washington DC le bualadh le hUachtarán Mheiriceá, Donald Trump.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Thug foireann tacaíochta eitlíochta ar líne faoi deara gur ghlac an t-eitleán bealach aisteach agus fada. Ach cén fáth?

Seachnaíodh aerspás na dtrí thír sin toisc go bhfuil a gceannairí tar éis síniú a dhéanamh ar Chonradh na Róimhe – conradh a thugann cumhacht don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) gníomhú i gcoinne daoine atá cúisithe as coireanna cogaidh nó coireanna i gcoinne an chine dhaonna.

Croitheann Netanyahu láimhe le Donald Trump. Sheachain sé aerspás na hÉireann ar a bhealach go Washington
Pictiúr: Pic: Yuri Gripas/Abaca/Bloomberg via Getty Images
Croitheann Benjamin Netanyahu láimhe le hUachtarán Donald Trump sa Teach Bán. Pic: Yuri Gripas/Abaca/Bloomberg via Getty Images

I mí na Samhna 2024, d’eisigh an ICC barántas gabhála do bheirt cheannairí Iosraelacha, Netanyahu agus Yoav Gallant, i ndiaidh fiosrúcháin.

Bhí Netanyahu ag taisteal ó Bhúdaipeist na hUngáire, áit ar dhiúltaigh rialtas na hUngáire é a ghabháil agus d’fhógair siad ina ionad sin go raibh siad ag fágáil an ICC – cé go raibh an Ungáir mar cheann de na ballstát a bhunaigh an ICC.

Cé nár féidir Netanyahu a ghabháil agus é san aer, d’fhéadfadh deacracht eitleáin nó tuirlingt éigeandála iachall a chur air leaindeáil i gceann de na tíortha sin – rud a chuirfeadh an barántas i bhfeidhm.

Príomh Aire Iosrael Benjamin Netanyahu. Níl sé in ann eitilt thar aerspás na hÉireann
Príomh Aire Iosrael Benjamin Netanyahu Benjamin Pictiúr: Kevin Dietsch/Getty Images

Mar sin, in ionad dul thar Éirinn nó an Ísiltír, thaistil an t-eitleán thar an nGréig, na hAlpa sa Fhrainc, agus ansin trasna an Aigéin Atlantaigh go Washington, áit ar tháinig siad i dtír ar an 6 Aibreán.

Seo é an dara cruinniú idir Netanyahu agus Trump ó ceapadh Trump ina Uachtarán arís. Meastar go mbeidh cúrsaí na Palaistíne agus taraifí nua ó SAM á phlé, agus tá earraí Iosraelacha buailte le taraif 17%, i gcomparáid le taraif 20% ar earraí ón Aontas Eorpach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram