Tá an víreas múisce gheimhridh fós ag scaipeadh

25/03/2025

Is iad daoine os cionn 65 bliain d’aois agus páistí faoi ceithre bliana d’aois na daoine is mó i mbaol leis an Víreas Múisce Gheimhridh

Tá víreas múisce an gheimhridh, ar a dtugtar norovirus, fós ag scaipeadh go forleathan agus meastar go leanfaidh sé seo ar aghaidh ar feadh cúpla seachtain eile.

Tá líon na gcásanna dúbailte ó thús na bliana, agus tá 100 duine ag fulaingt leis an ngalar anois agus tá 67% díobh seo os cionn 65 bliana d’aois.

Is víreas an-tógálach é norovirus agus scaipeann sé go héasca trí theagmháil idir daoine
Is víreas an-tógálach é norovirus agus scaipeann sé go héasca trí theagmháil idir daoine

Comharthaí an Ghalair

Is víreas an-tógálach é norovirus agus scaipeann sé go héasca trí theagmháil idir daoine.

Bíonn sé coitianta sa gheimhreadh. Bíonn múisc (vomitting) agus buinneach (diarrhoea) ag baint leis de ghnáth.

Cé go mbíonn sé míthaitneamhach, imíonn an víreas de ghnáth laistigh de chúpla lá.

Moltar go leor leachtanna a ól chun fanacht hiodráitithe.

Molann an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) do dhaoine fanacht amach ón obair nó ón scoil ar feadh 48 uair an chloig tar éis deireadh na siomptóim.

Seachain dul chuig an Aonad Éigeandála mura bhfuil tú an-tinn. Déan teagmháil le do dhochtúir ar an bhfón ina ionad.

Moltar duit do lámha a ní go minic le huisce agus gallúnach, mar ní mharaíonn glóthacha lámh alcóil norovirus.

Ardú Mór ar Chásanna

Sa chéad seachtain de 2025, taifeadadh 42 cás, ach anois tá sé sin ardaithe go 100.

Is iad daoine os cionn 65 an dream is mó i mbaol, agus is iad páistí faoi cheithre  bliana d’aois an dara grúpa is mó a mbíonn an víreas orthu.

Bí cúramach agus lean na treoracha sláinte chun tú féin agus daoine eile a chosaint.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram