Tá Ruffolution ag teacht. An bhfuil to réidh?

27/03/2025

Labhair Patricia Nic Eoin atá i gceannas ar AllaboutIrish le Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4FM faoin Ruffolution

Má tá ceart síniú fada ag Seán agus Máire, nach bhfuil an ceart céanna ag Racsaí agus Banaí – Tiocfaidh an Ruffolution!

Is múinteoir tiomnaithe Gaeilge í an t-iardlíodóir Patricia Nic Eoin anois agus is í an duine cliste a bhainistíonn na ranganna Gaeilge ar AllaboutIrish.

Labhair Patricia le Joe Breathnach ar Raidií na Life 106.4FM le déanaí faoina cúrsaí, faoina saol agus faoina paisean don Ghaeilge.

Agus le linn an chomhrá labhair sí faoin Ruffolution.

Patricia Nic Eoin le Aillí
Patricia Nic Eoin le Aillí ar son Ruffolution

ÉIST LE CUID DEN AGALLAMH ANSEO

Ach cad é an Ruffolution?

‘Is rud a tharla ar bhealach trí thimpiste,’ a dúirt Patricia le Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4FM,

‘Fuair mé madra tamaillín ó shin agus Aillí an t-ainm atá orthu – A.I.L.L.I fada  – litrigh mé i nGaeilge é agus chuaigh mé isteach go dtí an siopa mór peataí i nGaillimh agus bhí mé ag iarraidh nametag a fháil di.

‘Dúirt mé leo sin A.I.L.L.I fada  agus dúirt sé ní féidir linn fada a chur ar ar an nametag seo.’

Le sin in ionad a bheith ag gearán, bhain sí píosa spraoi as. B’fhéidir gur sin a chaoi is fearr chun dul chun cinn ar dhaoine leis an Ruffolution.

ÉIST LEIS AN AGALLAMH IOMLAN AR PHODCHRAOLADH
BLAS NA CATHRACH AR RAIDIÓ NA LIFE. CLICEÁIL ANSEO

Ar dtús barra dúirt sí lena mic léinn nach raibh Aillí in ann an teach a fhágáil gan fada a bheith aici.

Ní féidir liom í a thabhairt amach ag siúl, tá sí cineáilín ar stailc,’ a dúirt sí.

Ar deireadh tháinig sí ar shiopa a bhí in ann an fada a chur air.

Dúirt Patricia: ‘Ansin bhí Aillí sásta arís an teach a fhágáil agus uaidh sin is dócha a thosaigh mé.’

Labhair sí lena cairde ar dtús agus thosaigh sí ag scaipeadh an scéal ar fud na háite ar na madraí go léir.

Le sin bhain sí triail as an Ruffolution a úsáid sna ranganna, chun nasc idir fuaimeanna na Gaeilge agus litriú na Gaeilge a thaispeáint do na mic léinn.

‘Thug mé faoi deara gur bealach an éasca agus bealach an spraíúil atá ann chun tuiscint a fháil ar litriú na Gaeilge.

‘Mar shampla, i rang amháin, bhí duine éigin ag iarraidh litriú Gaeilge a chur ar Izzie. Sin an t-ainm a bhí ar an madra a bhí aici.

‘Ach níl an fhuaim sin ZED sa Ghaeilge agus is cineál ceacht é sin freisin. Níl na fuaimeanna go hiomlán mar an gcéanna sa dá theanga, mar shampla, is féidir b’fhéidir I.O.S.A.I fada a úsáid, ach sin é.

Patricia Nic Eoin
Patricia Nic Eoin

Is féidir dul gearr go leor don fhuaim ach ní go hiomlán mar an gcéanna.

‘Agus a dara rud a thug mé faoi deara faoi Ruffolution atá go maith;  Taispeánannsé do dhaoine freisin an rud a tharla le logainmneacha na hÉireann.

‘Bhí siad i nGaeilge ar dtús agus ansin cuireadh litriú an Bhéarla ar na hainmneacha sin ar na logainmneacha sin, cineál malairt treo eile atá i gceist ach tugann sé tuiscint beagáinín níos fearr do dhaoine faoin méid a tharla leis na logainmneacha.’

Agus sin mar a thosaigh an Ruffolution.

Mar sin ná bí ag cuir náire ar ‘Roxy’ agus ‘Bonnie’. Tabhair na síneacha fada do Racsaí agus Banaí.

Is as Cinn Mhara (Kinvara) ó dhúchas í Patricia, atá ina cónaí i gCnoc na Cathrach (Knocknacarra) anois.

Chaith a tuismitheoirí am ar Oileáin Árann, tráth amháin ina gcónaí ar Inis Mór, agus mar sin bhí an Ghaeilge á labhairt sa bhaile i gcónaí.

Ach ag an am, a deir Patricia anois: ‘D’fhreagair muid iad i mBéarla.’

Tá tamall caite ag Patricia ag obair le TG4 agus leis an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil áit ar oibrigh sí ar aistriúchán doiciméad dlíthiúil go Gaeilge.

Tá sraith leabhar Gaeilge do pháistí scríofa aici freisin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram