

Bhí aithne i gcónaí ar Manchester United mar cheann de na clubanna sacair is rathúla ar domhan – agus is fiú €6 billiún é – ach tá airgead á chailleadh aige go tapa.
Anois, beidh €2.4 billiún sa bhreis ag teastáil chun a staidiam nua a fhorbairt a thiocfaidh in áit Old Trafford.
Deir comhúinéir an chlub, Jim Ratcliffe, go mbeidh an staidiam 100,000 suíochán cosúil leis an Túr Eiffel agus go mbeidh sé ar an staidiam ‘is mó ar domhan’.

Mar sin féin, thug lucht leanúna ‘tent sorcais’ air agus ‘struchtúr corparáideach gan anam, atá níos cosúla le hionad siamsaíochta nua-aimseartha ná le hardeaglais pheile’.
D’admhaigh Ratcliffe go bhfuil na milliúin ag cailleadh ag Manchester United agus ceapann sé go sábhálfaidh a chuid pleananna agus ciorruithe an club. Ach an gcuirfidh siad as gnó é?
D’admhaigh Ratcliffe go bhfuil an club faoi bhrú de bharr an chostais ard a bhaineann le himreoirí áirithe.
Dúirt sé go bhfuil sé deacair do United íocadh le haghaidh Jadon Sancho, Casemiro, Antony, Rasmus Hojlund, Lisandro Martinez agus Andre Onana.
D’admhaigh sé go bhfuil cuid acu ar thuarastail ‘ró-ard’ agus nach bhfuil cuid acu maith go leor imirt leis an gclub.
Dúirt Ratcliffe, atá tar éis £1.3 billiún (€1.54 billiún) a infheistiú sa chlub, go raibh fadhbanna áirithe ann i Manchester United cheana féin.
‘Tá fadhbanna áirithe ann a tháinig chun cinn fadó, agus mar sin caithfimid dul i ngleic leo.’
‘Bíonn Sancho ag imirt le Chelsea faoi láthair agus íocaimid leath a thuarastail. Táimid ag íoc £17m (€20.1m) le go mbeimid in ann é a cheannach i rith an tsamhraidh.’
‘Níl cuid de na himreoirí maith go leor, agus tá tuarastal ró-ard ag cuid acu, ach beidh níos mó ama ag teastáil le foireann nua a chruthú.’

Tá Ratcliffe ag iarraidh airgead a shábháil sa chlub agus fuair sé réidh le 450 post i Manchester United chomh maith le lóin saor in aisce don fhoireann.
Tá frustrachas ar lucht leanúna an chlub freisin mar tá an bhagairt ann go méadófar costas na dticéad. Áfach, mhaígh Ratcliffe go raibh an baol ann go n-imeodh United as gnó murach na cinntí deacra a rinne sé.
‘Ní bheidh airgead ag an gclub roimh an Nollaig mura ndéanaimid na rudaí seo’, a dúirt sé.
D’admhaigh Ratcliffe freisin go raibh Alex Ferguson ‘beagáinín cantalach’ nuair a d’inis sé leis go gcaillfeadh a chonradh ar luach £2m in aghaidh na bliana le bheith mar ambasadóir an chlub.
‘Tuigim go bhfuil sé seo míchompordach do dhaoine áirithe, agus níl cuid de na rudaí atá á dhéanamh againn ró-dheas. Ach tá gá leo le go mbeidh Manchester United slán arís’, a dúirt sé.
Áfach, tá an chuma ar an scéal gur tharraing Ratcliffe cuid de na fadhbanna seo ar féin. Bhí ar na milliúin a íocadh leis an mbata agus an bóthar a thabhairt do ten Hag agus a fhoireann bainistíochta. Bronnadh conradh nua ar an bhfear as an Ísiltír nuair a bhuaigh sé an Corn FA.
Bhí ar Manchester United Sporting Lisbon a íocadh le Amorim agus a fhoireann a earcú, agus thug siad an bata agus an bóthar chuig a stiúrthóir spóirt Dan Ashworth tar éis 159 lá.
‘Glacaim leis go bhfuil botúin déanta againn agus tá aiféala orm’ a dúirt Ratcliffe.

Áfach, dúirt sé go raibh sé cinnte gurb é Amorim an fear ceart don ról, cé nár éirigh le United an 14ú háit a bhaint amach ar thábla an Premier League.
‘Má bhreathnaíonn tú ar an bhfoireann atá ag Ruben, tá an-jab á dhéanamh aige. Is bainisteoir den chéad scoth é agus beidh sé ann ar feadh tamall fada.’
Tá sé mar sprioc ag Manchester United an Premier League a bhuachan arís roimh 2028. Dúirt Ratcliffe, ‘Ní dóigh liom go bhfuil sé seo dodhéanta. Tá sé go maith spriocanna agus cuspóir a bheith agat.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.