Leanfaidh costas fuinnimh ag ardú, ach ní bheidh aon tacaíocht a deir na hairí

09/03/2025

Bhí teaghlaigh ag brath ar íocaíochtaí breise nuair a tháinig ardú ar chostas fuinnimh roimh an olltoghchán deireanach, agus ardóidh costais go ceann cúig bliana eile ach ní bheidh a thuilleadh tacaíochtaí ann.

Tá sé ráite ag an Aire Airgeadais Paschal Donohoe nach féidir le creidmheasanna fuinnimh a bheith ‘an gnáthrud’, ainneoin comhairle ó oifigigh go mbeidh siad ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar chostais ag ardú.

Dúirt an Rialtas nach mbeidh na lascainí (discounts) ar fáil sa chéad bhuiséad eile. Bhí siad ina ngné rialta faoin riarachán roimhe seo le linn na géarchéime costais mhaireachtála.

Tuairiscíodh cheana gur thug a oifigigh le fios don Aire Fuinnimh Darragh O’Brien go mbeadh tacaíochtaí ag taisteáil chun cabhrú le teaghlaigh leis na costais mhéadaithe fuinnimh.

Aire Fuinnimh Darragh O'Brien
Aire Fuinnimh Darragh O’Brien

Tá sé glactha ag an Rialtas anois go leanfaidh an costas fuinnimh a mhéadú go ceann cúig bliana.

Tá costais bhliantúla fuinnimh fós 90% níos airde don ghás agus 60% níos airde don leictreachas i gcomparáid leis an méid a bhí siad sular thosaigh an ghéarchéim fuinnimh.

Tuairiscíodh freisin, in ainneoin na tacaíochtaí a íocadh le teaghlaigh, nár leor iad do go leor daoine.

Íocadh amach €3.3billiún i gcreidmheasanna chun billí leictreachais a laghdú –  €1,450 in aghaidh an teaghlaigh – ach fós féin tá thart ar 230,000 custaiméir leictreachais agus 162,000 custaiméir gáis i riaráiste (arrears).

Inné, áfach, dhiúltaigh an tUasal Donohoe agus an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers araon pléadálacha go dtabharfaí tacaíocht ar ais i mbuiséad mhí Dheireadh Fómhair.

Dúirt an tUasal Donohoe leis an Dáil: ‘Cuireadh na híocaíochtaí sin ar fáil ag am a raibh boilsciú ag 5%, 10% agus 15%.

‘Cuireadh ar fáil iad ag am a bhí an-difriúil leis an lá atá inniu ann.

‘Má thosaímid ag rá go mbeidh íocaíochta sin ar fáil bliain i ndiaidh bliana, beidh an baol ann go gcruthófar deacrachtaí dár dtír agus dár ngeilleagar sna blianta amach romhainn,’ a dúirt sé.

An mhí seo caite dúirt an tUasal Chambers nach mbeadh na creidmheasanna ag teacht ar ais agus dúirt sé inné go ndéanfaidh an Rialtas ‘infheistíocht straitéiseach’ sa chóras fuinnimh ina ionad sin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram