Tithíocht do phobal na Gaeltachta: Agóidí ar an Luan

07/03/2025

Tá Tinteán, an feachtas ar son grúpaí áitiúla na Gaeltachta ag eagrú agóidí chun cearta tithíochta a bhaint amach

Tá fadhb na tithíochta sa Ghaeltacht ar cheann den iliomad fadhbanna faoin nGaeilge nach bhfuil an Rialtas i mBaile Átha Cliath ag déileáil leis i gceart.

Mar sin féin, ní hé an Rialtas amháin atá ag déanamh neamhairde den cheist, tá ról ag na rialtais áitiúla freisin.

Ach, mar is gnách leis an nGaeilge, de réir dealramh, déantar neamhaird de gach fadhb go dtí go dtéann na daoine ar na sráideanna ag ágóidíocht.

Ó bhunú Raidió na Gaeltachta go dtí an cinneadh Coimisinéir Gaeilge a cheapadh ó thuaidh is brú ó agóidí a imríonn tionchar orthu siúd atá i gcumhacht.

Baileoidh pobal Gaeltachta i nDún na nGall, sa Ghaillimh agus i gCorcaigh lasmuigh d’oifigí institiúidí éagsúla
Baileoidh pobal Gaeltachta i nDún na nGall, sa Ghaillimh agus i gCorcaigh lasmuigh d’oifigí institiúidí éagsúla

Mar gheall air sin, tá Tinteán, an feachtas ar son tithíochta sa Ghaeltacht náisiúnta atá pobalbhunaithe, ag eagrú roinnt agóidí timpeall na tíre Dé Luain (10 Márta).

 Baileoidh pobail Ghaeltachta i nDún na nGall, sa Ghaillimh agus i gCorcaigh lasmuigh d’oifigí institiúidí éagsúla a bhfuil dlúthbhaint acu le tithíocht sa Ghaeltacht.

Siad sin Roinn na Gaeltachta, na húdaráis áitiúla, agus Údarás na Gaeltachta.

Is gníomh práinneach é chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta ar bhonn náisiúnta.

Sa Ghaillimh bronnfar litir ar Phríomhfheidhmeannacha Chomhairle Contae na Gaillimhe ag déanamh cur síos ar éilimh áitiúla.

Tá ceithre gníomh molta ag Tinteán:

  1. Go dtabharfar an chumhacht reachtúil agus na hacmhainní riachtanacha, idir reatha agus caipitil, d’Údarás na Gaeltachta le Rannóg Tithíochta a bhunú, le cur ar a chumas talamh a cheannach, cead pleanála a fháil, agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil le gur féidir tithíocht a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta;
  2. Go gcuirfear maoiniú ar fáil go bliantúil do Roinn na Gaeltachta chun scéim na ndeontas tithíochta Ghaeltachta a reáchtáil arís de bhun Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, chun tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil nó a athchóiriú sa Ghaeltacht;
  3. Go bhfoilseofar agus go gcuirfear i bhfeidhm treoirlínte pleanála Gaeltachta láidre maidir le dualgas reachtúil na gcomhairlí contae i dtaobh caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht;
  4. Go gcuirfear Straitéis Daonra agus Tithíochta le chéile do gach Limistéar Pleanála Teanga le spriocanna soiléire, intomhaiste a leagadh amach chun fás inbhuanaithe na bpobal a chinntiú, agus soláthar cuí tithíochta a chinntiú chun tacú leis an bhfás sin.

Bunaíodh Tinteán i mí Dheireadh Fómhair 2024 chun comhghuaillíocht a dhéanamh as na daoine aonair, grúpaí pobail, feachtais áitiúla agus eagraíochtaí atá ag gníomhú le fada.


Scéalta Gaeilge
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram