ExtraG.ie ar ghearrliosta do ghradam mór

06/03/2025

Tá fás suntasach tagtha ar ExtraG.ie ag cur an nuacht ar fáil go laethuil – agus anois tá sé ar ghearrliosta do Ghradam Margaíochta Uile-Éireann

Tá ExtraG.ie, branda na meáin de chuid dmg media, ar an ngearrliosta do Ghradam Margaíochta Uile-Éireann

Is mór an onóir do dmg media a fhógairt go bhfuil ExtraG.ie, an suíomh gréasáin nuachta, spóirt agus siamsaíochta Gaeilge, ar an ngearrliosta do ghradam Margaíochta Uile-Éireann (All Ireland Marketing, AIM) de chuid Institiúid Margaíochta na hÉireann (Marketing Institute of Ireland, MII).

Tá fás suntasach tagtha ar ExtraG.ie, síneadh branda ar an suíomh gréasáin Extra.ie, ó cuireadh tús leis i 2023. Le dhá bhliain anuas, tá sé tagtha chun bheith ina fhoinse iontaofa d’ábhar ardchaighdeáin i nGaeilge, ag freastal ar lucht léitheoireachta éagsúil a bhfuil dúil mhór acu sa nuacht, sa spórt agus sa tsiamsaíocht.

ExtraG.ie, an suíomh gréasáin nuachta, spóirt agus siamsaíochta Gaeilge
ExtraG.ie, an suíomh gréasáin nuachta, spóirt agus siamsaíochta Gaeilge

Tagann an t-ainmniúchán, sa chatagóir Gradam Margaíochta le Gaeilge, seachtainí tar éis seoladh a bhforlíonadh nua, ExtraG Gach Seachtain, a fhoilsítear gach Aoine leis an Irish Daily Mail.

Dúirt Paul Henderson, Príomhfheidhmeannach do dmg media: “Tá na Gradaim Margaíochta Uile-Éireann i measc na ngradam is mó le rá atá á mbronnadh ag an tionscal. Is onóir é ceann dár mbrandaí a bheith ar an ngearrliosta, in aon chatagóir. Táimid ag tnúth le ExtraG.ie a thaispeáint do na moltóirí an mhí seo chugainn.”

Cuireann ExtraG.ie agus ExtraG Gach Seachtain meascán saibhir de nuacht, spóirt agus siamsaíocht ar fáil. Tá sé mar aidhm acu an Ghaeilge a cheiliúradh agus a chur chun cinn, ag soláthar ábhar tarraingteach agus ábhartha do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí araon.


Scéalta Gaeilge
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram