Tugann Dolly Parton ómós dá fear céile a fuair bás

04/03/2025

Gabhann Dolly Parton buíochas lena lucht leanúna as a gcuid paidreacha ar bhás a fir chéile Carl

Fuair fear céile Dolly Parton bás i Nashville, Tennessee agus ghabh sí buíochas lena lucht leanúna as ucht a bpaidreacha agus a gcomhbhrón.

Ní raibh Dolly Parton ach 20 bliain d’aois nuair a phós sí Carl Dean i searmanas rúnda.

I ráiteas, dúirt Parton gur chaith sí féin agus Carl an-chuid blianta iontach lena céile agus nach bhféadfadh sí cur síos a dhéanamh ar an ngrá a bhí eatarthu.

Dolly Parton agus Carl Dean
Dolly Parton agus Carl Dean

Bhí Dean mar inspioráid don amhrán Jolene, ceann de na hamhráin ba rathúla a bhí ag Dolly.

Dúirt sí gur scríobh sí an t-amhrán nuair a chuir cléireach sa bhanc suim i Dean agus thosaigh sí ag cliúsaíocht (flirting) leis.

In agallamh le NPR i 2008, thug Parton le fios go raibh an bhean seo craiceáilte ina dhiaidh agus gur thaitin sé go mór le Dean dul ag an mbanc de bharr an aird a fuair sé uaithi.

Mhínigh Dolly chomh maith go raibh sé seo mar jóc príobháideach eatarthu agus gur amhrán soineanta a bhí ann i ndáiríre – cé nach raibh daoine den tuairim sin nuair a d’éist siad leis.

Chas an lánúin ar a céile taobh amuigh den neachtlann Wishy Washy, áit a raibh Dolly ag ní a chuid éadaí ar an lá a bhog sí go Nashville agus í 18 bliain d’aois.

In agallamh, dúirt Dolly go raibh iontas uirthi gur labhair sé léi agus gur chuir sé suim inti agus a gairm agus bhí sí den tuairim go raibh sé seo neamhghnách.

Thug Dolly le fios freisin gur iarr a comhlacht ceoil uirthi fanacht ar feadh píosa sular phós sí ach in ainneoin seo, phós sí Dean dhá bhliain dár gcionn i mBealtaine 1966.

In agallamh, dúirt Dolly go raibh iontas uirthi gur labhair Carlk léi
In agallamh, dúirt Dolly go raibh iontas uirthi gur labhair Carlk léi

Ní raibh ach a máthair Dolly, an seanmóirí, agus a bhean chéile i láthair ag an searmanas rúnda. Bhí an searmanas seo acu taobh amuigh de Tennessee ionas nach mbeadh na nuachtáin áitiúla in ann tuairisceoireacht a dhéanamh air.

Ní raibh páistí ag an lánúin, ach tá deartháir agus deirfiúr fágtha ag Dean ina dhiaidh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram