

Tá dlí atá ann ar feadh 300 bliain, a chuireann cosc ar úsáid a bhaint as an nGaeilge i gcúirteanna ó thuaidh, le haisghairm.
Ach, fiú i ndiaidh na mblianta seo ar fad, níl anseo ach an chéad chéim eile sa mháirseáil fhada chun comhionannas a bhaint amach don Ghaeilge.
Is ar an Aire Dlí agus Cirt Naomi Long a mbeidh uirthi an chéad chéim eile a thabhairt, le treoirlínte ar úsáid na Gaeilge a i suíomhanna dlí, cúirte agus binsí.
Cé go bhfuil fáilte curtha roimh an athrú is cinnte go léiríonn sé seo cé chomh mall agus atá na húdaráis ó thuaidh maidir le comhionannas a cheadú do chúrsaí Gaeilge agus cultúrtha na hÉireann – in Éirinn.

Sampla de seo is ea an mhoill ar chearta Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh, leis an Acht teanga, i gcomparáid le hathruithe cosúla leis a rinneadh in Albain agus sa Bhreatain Bheag.
Sampla eile is ea an diúltú atá ag an DUP glacadh le hathruithe a cheadódh caiteachas ar an nGaeilge ó dheas den teorainn fiú – b’fhéidir go gcuideoidh díograis Sheachtain na Gaeilge, a thosaíonn Dé Sathairn, a meon a athrú.
Tá cinneadh rialtas na Breataine fáil réidh leis an gcosc, a tháinig isteach le linn aimsir na bPéindlithe i 1737, mar ‘chloch mhíle stairiúil’ a deir Conradh na Gaeilge.
Déanfaidh Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn an fógra i dTeach na dTeachtaí sa Bhreatain.
Thug Ciarán Mac Giolla Bhéin, uachtarán Chonradh na Gaeilge, creidiúint don ‘fheachtas ollmhór ar son cearta teanga, a chur breis agus 20,000 duine ar shráideanna Bhéal Feirste’ as athrú meoin.
Cé go raibh an aisghairm mar mhír lárnach den Acht nua Féiniúlachta agus Teanga, a tháinig isteach i mí na Nollag 2022, bhí dualgas ar an Rúnaí Stáit an mhír áirithe sin a cheadú é féin, rud nár tharla go dtí an tseachtain seo.
Ach cé gur faoin Rúnaí Stáit atá sé an cosc féin a aisghairm, déanann sé soiléir é don Chonradh gur faoin Fheidhmeannas a bheas sé an chéad chéim den phróiseas a chur i gcrích.
Ag caint faoin athrú agus ag baint úsáid as an nGaeilge dúirt Mac Giolla Bhéin: ‘Is dul chun cinn iontach go deo stairiúil é seo do phobal na Gaeilge ó thuaidh, bua ollmhór i gcoinne na gcéadta den imeallú agus leatrom, a bhuí le cumhacht, tiomantas agus diongbháilteacht an phobail féin.
‘Rinneadh aisghairm ar chomhionann an reachtaíocht seo sa Bhreatain Bheag agus in Albain breis agus 160 bliain ó shin.
‘Mar is gnáth, fágadh Gaeil sna 6 chontae ar chúl arís, agus oidhreacht bheo an pholasaí choilínigh, a dearadh chun an Ghaeilge a dhíbirt ar fad ón saol poiblí, fós i réim.

‘Thóg sé iarrachtaí docheansaithe phobal na Gaeilge agus a ngluaiseacht ar son chearta teanga, a spreag breis agus 20,000 duine chun sráide, chun muid a thabhairt níos cóngaraí do shochaí ina mbeadh comhionannas agus comhchearta ag pobal na Gaeilge mar aon le gach duine eile.’
Mar ionadaí ar Chonradh na Gaeilge, dúirt Niall Murphy ó KRW Law, agus é ag caint faoi ag baint usáid as an nGaeilge: ‘Is clochmhíle stairiúil eile é an fógra seo a thógann pobal na Gaeilge coischéim mhór chun tosaigh ar an aistear fada i dtreo chearta teanga chuimsitheachta ó thuaidh.
‘Tá sé riachtanach anois go dtógann an tAire Dlí agus Cirt treoirlínte láidre úra chun tosaigh a thugann aitheantas do phobal teanga atá ag fás i rith an ama, treoirlínte a chinntíonn gur cuid lárnach dár sochaí iad agus go nglacfar leo agus lena rogha teanga féin inár seirbhísí agus spásanna dlíthiúla.
‘Agus an cor cinniúna seo ag titim amach os ár gcomhar, ní mór go mbeidh tionchar praiticiúil ag an aisghairm ar fhíorshaolta daoine agus an dóigh a mbíonn siad ag plé leis an stát, go háirithe iad siúd a chaitheann saol s’acu trí mheán na Gaeilge, dream a bhí tréigthe, ar an imeall agus faoi leatrom an stáit le fada, fada an lá.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.